An tSean-Ghréigis

(Athsheolta ó Sean-Ghréigis)

An tSean-Ghréigis a thugtar ar an leagan den Ghréigis a bhí á labhairt ó 1000 RC go 600 AD. Is féidir an Ghréigis a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus dá bhrí sin tugtar na Micéanaigh orthu. Scríobhaidís an teanga de réir córais iaraiglifí ar nós mhuintir na hÉigipte. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC, agus tháinig meath orthu ina dhiaidh sin. Níl mórán eolais againn anois faoin teanga díreach i ndiaidh an mheatha úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá stair an 400 bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse seo. Scríobhadar a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé. Um an dtaca sin a thosaigh Ré Ársa na Sean-Ghréige. Koine a thugtar ar an teanga a bhí á labhairt ón 3ú haois RC ar aghaidh, Gréigis an Bhíobla, agus tháinig Gréigis na Meánaoise i gcomharbas air.

Infotaula de llenguaAn tSean-Ghréigis
Ἀρχαία Ἑλληνική

Cineálteanga agus teanga stairiúil
Úsáid
Dúchasach doAn tSean-Ghréig
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Heilléanacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaan aibítir Ghréagach agus Líneach B
Staidéar agGreek studies (en) Aistrigh agus Clasaicigh
Cóid
ISO 639-2grc
ISO 639-3grc
Glottologanci1242
Ethnologuegrc
IETFgrc