Seosamh Ó Seanacháin
Misinéir Éireannach san Afraic ba ea Seosamh Ó Seanacháin nó Joseph Shanahan B.Sc., C.S.Sp. (6 Meitheamh 1871 – 25 Nollaig 1943), ceannródaí don mhisean Caitliceach san Afraic i dtús an 20ú haois. "Macasamhail a phátrúin Naomh Pádraig a bhí ann, ina spiorad agus ina mhodh oibre."[1] Tugadh "Naomh Pádraig na nIobóch" air sa Nigéir.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meitheamh 1871 |
Bás | 1943 71/72 bliana d'aois |
Easpag teidealach | |
22 Aibreán 1920 – Deoise: Abila Lysaniae (en) | |
Biocáire aspalda | |
22 Aibreán 1920 – Deoise: Ard-Deoise Chaitliceach Onitsha | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1920–), sagart Caitliceach (1900–) |
Coisreacan | Denis Kelly |
Beatha
cuir in eagarRugadh Ó Seanacháin i gCo Thiobraid Árann i 1871. Fada ó Theampall Doire, fuair sé meánscolaíocht sa bhFrainc faoi stiúir na Spioradánach.[2]
Is i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath a oirníodh ina shagart é i 1900.
I 1905 ceapadh é ina bhiocáire aspalda ar an Nigéir theas. Ainmníodh é ina easpag ann sa bhliain 1920.
Thuig sé gur trí oideachas a leigheasfaí céim síos na mban. Bhunaigh sé cuallacht banrialta, Siúracha Miseanacha Mhuire na Corónach Naofa, i gCill na Seanrátha, Co an Chabháin, in 1924. Thainig na Kiltegan Fathers ar an bhfód sa bhliain 1932.[3]
Sa bhliain 1938 ghlac sé le cuireadh cur faoi san Afraic thoir. Bhí cúig bliana pianmhara fágtha aige, ina raibh sé isteach agus amach ón ospidéal. Bhásaigh sé gCéinia Lá Nollag, 1943. Athadhlacadh a chorp sa Nigéir in Eanáir, 1956.[2]
Oidhreacht
cuir in eagarSa Nigéir theas inniu, tugann na hIobóigh "Ár Naomh Pádraig" ar Sheosamh Ó Seanacháin.[2]
Scríobh Áine le Muire Talbóid beathaisnéis faoi i nGaeilge faoi. Creideann na hIobóigh fós gur de bharr an Easpaig Ó Seancháin a tháinig borradh faoi gach gné dá saol ó 1905 (Ár Naomh Pádraig: Seosamh Ó Seanacháin, Aspal na Nigéire Theas, Foilseacháin Ábhair Spioradálta, €20, le hÁine le Muire Talbóid.).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ timire.ie (2007). "Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Catalóg na Leabhar". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-03. Dáta rochtana: 2023.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "NaomhPádraig na nIobóch" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-08-03.
- ↑ Saint Patrick's Society for the Foreign Missions