Is dúnmharfóir ón Afraic Theas é Shan Mohangi a tharraing míchlú air féin in Éirinn sna 1960dí.

Infotaula de personaShan Mohangi
Beathaisnéis
Breithan Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdúnmharfóir Cuir in eagar ar Wikidata

Mac léinn leighis (22 bliana d'aois) i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn a bhí ann nuair a mharaigh sé cailín óg, Hazel Mullen, sa bhialann The Green Tureen sa bhliain 1963. Tharraing an cás go leor cainte is conspóide toisc gur bhain sé corp an chailín, a bhí 16 bliana déag ag an am, óna chéile.

Rinne Mohangi iarracht fáil réidh leis an gcorp trí chócaireáil a dhéanamh air, a cloigeann san áireamh, san oigheann sa bhialann ag 95 Shráid Fhearchair. Bhí sé ag obair ann mar chócaire. Chaith sé ceithre bliana sa phríosún as an 7 mbliana a daoradh air.[1]

Saol nua cuir in eagar

Ciontaíodh é as dúnorgain faoi dheireadh. Cuireadh ar ais chun an Afraic Theas é timpeall 1967

D'athraigh sé a ainm go Narentuk Jumuna thall. D'éirigh go maith leis sa ghnó i Natal (a fhód dúchais). Bhí sé ag iarraidh seasamh mar MP i dTeach na dTeachtaí sa bhliain 2009 nuair a thángthas ar scéal an dúnmharaithe, agus b’éigean dó tarraingt siar.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Shan Mohangi, 95 Harcourt Street le Kevin Higgins.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Politician exposed as man behind grisly Irish killing" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-04-29.
  2. Bill Corcoran. "Shan Mohangi's Dublin past comes back to haunt him" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-04-29.