is éard is sionapamorf (Gréigis: σύν, SYN = le, i gcuideachta leis, mar aon leis; APO = ar shiúl ó; μορφή, morphe = cruth.) ann, ná carachtar apomorfach homalógach (ie, nuaigín éabhlóideach) atá ina ghné chomhpháirteach ag dhá nó níos mó tacsón. Sa bhitheolaíocht chórasach, is féidir le grúpaí orgánach monaifíléiteach (lena n-áirítear sinsear agus a shliocht go léir) a aithint ag na carachtair sin a bhí faighte le hoidhreacht acu, agus atá mar sin i bpáirt ag an ngrúpa ar fad (lena n-áirítear sinsear coitianta), is é sin, ag na sionapamoirf. Hennig (1966) agus Wagner (1980) a chéad mhol an coincheap agus tá sé ag croílár modheolaíochta na hanailíse fíliginití.