Siobhán McSweeney

ban-aisteoir Éireannach

Is aisteoir agus láithreoir Éireannach í Siobhán McSweeney (a rugadh ar 27 Nollaig 1979 ). Tá cáil uirthi ón ról a ghlac sí mar Sister Michael in Derry Girls .[1]

Infotaula de personaSiobhán McSweeney
Beathaisnéis
Breith27 Nollaig 1979
44 bliana d'aois
Contae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Mhuire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir (2021–), aisteoir scannáin, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2836709 Twitter: siobhni Instagram: siobhni Cuir in eagar ar Wikidata

Go luath ina saol cuir in eagar

Rugadh McSweeney i gContae Chorcaí, Éire agus tógadh í in Eatharla. Sula raibh sí ag aisteoireacht, bhain sí céim eolaíochta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sa bhliain 2001, bhog sí go Londain nuair a fuair sí áit sa Central School of Speech and Drama.[2]

Gairm bheatha cuir in eagar

Ba é páirt Julia sa scannán The Wind That Shakes the Barley an chéad ról a bhí ag McSweeney sa bhliain 2006.[3]

Ó 2018, ghlac McSweeney ról mar bean rialta, Sister Micheal, sa chlár teilifíse Derry Girls ar Channel 4, arna scríofa ag Lisa McGee. Bhuaigh McSweeney duais Bafta in 2023 do Derry Girls.[4]

Rinne McSweeney páirt Petra i dtrí chlár de Collateral chomh maith. Ó Eanáir 2021 amach, ceapadh ina láithreoir í ar The Great Pottery Throw Down ar Channel 4. Ní raibh sí le feiceáil sna eipeasóid tosaigh sa bhliain 2022, mar bhí sí tar éis a cos a bhriseadh. Sheas Ellie Taylor isteach ar a son.

A caidreamh leis an Ghaeilge cuir in eagar

Ba as Gaeltacht Mhúscraí é athar McSweeney, Traolach.[1] Nuair a cuirtear ceist uirthi ar mian léi a bheith ag obair ar scannán nó clár teilifíse as Gaeilge, dúirt sí "Of course. I'd love to do that, but I've never been offered anything from TG4, or any series as Gaeilge."

Bíonn McSweeney ag seoladh tvuíteanna as Gaeilge ó am go ham.[5]

Scannánaíocht cuir in eagar

Bliain Teideal Ról Nótaí
2006 The Wind That Shakes the Barley Julia
2007 Emmerdale Nurse 2 Eipeasóid 1
2011 National Theatre Live: The Kitchen Anne
2013 London Irish Aoife Eipeasóid 1
2013–2014 The Fall Mary McCurdy 7 n-eipeasóid
2015 Mr. Holmes Una Gilbert
No Offence Ruth Cheetham
2016 National Theatre Live: As You Like It Audrey
Alice Through the Looking Glass Witzender
2017 Big Dog Social Worker Gearrscannán
2018–2022 Derry Girls Sister George Michael Príomhról
2018 Collateral Petra 3 eipeasóid
2019 Extra Ordinary Boring Noreen
Porters Alice 3 eipeasóid
2020 The Widow Eileen Gearrscannán
Scrubber Scrubber
2022 Holding Bríd Riordan
Redemption Jane Connolly

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Ireland's top sister act" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-05-27.
  2. Interview by Larissa Nolan. "Derry Girls star Siobhán McSweeney on moving to London as a student" (en). Dáta rochtana: 2022-05-27.
  3. "The Wind that Shakes the Barley (2006) - IMDb" . 
  4. Naman Ramachandran,Manori Ravindran, Naman Ramachandran, Manori Ravindran (2023-05-15). "BBC Cut ‘Derry Girls’ Star Siobhan McSweeney’s Political Statement From BAFTA Speech Due to ‘Time Constraints’" (en-US). Variety. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  5. "https://twitter.com/siobhni/status/1083664413775876096" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-05-27.