Siuán Ní Mhaonaigh

scoláire Éireannach

Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair do Shiuán Ní Mhaonaigh, a bhfuil céim BA aici ó Choláiste Phádraig, Má Nuad agus céim MPhil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach ó Choláiste na Tríonóide. Is taighdeoir agus comhairleoir teanga í a bhfuil saineolas aici ar chúrsaí measúnachta agus teagaisc. Tá sí ina Stiúrthóir ar Theastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) tionscadal de chuid Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Infotaula de personaSiuán Ní Mhaonaigh
Beathaisnéis
BreithGaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
FostóirOllscoil na hÉireann, Má Nuad Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: NiSiuan Cuir in eagar ar Wikidata

Tá réimse leathan ábhair oideachais scríofa ag Siuán fá choinne scoileanna dara leibhéal, thuaidh agus theas. Ina measc sin tá, Blas: Cleachtaí Foghraíochta (COGG, 2014), na trí théacsleabhar sa tsraith Snas agus Blas (CCEA, 2017–8) agus Dúchas (COGG, 2019).

Tá réimse leathan ábhar scríofa acu fá choinne foghlaimeoirí fásta. Ina measc sin, tá an cúrsa ilmheáin Speaking Irish/An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2008).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://www.aistear.ie/ce-muidne.php Curtha i gcartlann 2022-08-12 ar an Wayback Machine Aistear