Paróiste (Manainnis: skeerey) in oirthuaisceart Oileán Mhanann is ea Skeerey MaghalSkyll Maghal (Béarla: Maughold). Is é ainm naomhphátrún an oileáin – Maghal – atá air. Is é 34.5 km² achar an pharóiste agus tá 950 duine ina gcónaí ann de réir dhaonáireamh 2006. Tá na sráidbhailte Cornah agus Glion Moaney sa bparóiste, mar aon leis an sráidbhaile Maghal a bhfuil an t-ainm céanna air. Téann Iarnród Leictreach Mhanann tríd an bparóiste ar an mbealach ó Doolish go Rhumsaa, le go leor stadanna sa bparóiste, stáisiún traenach Cornah agus Stadd y Gharey (Stad an Gharraí) ina measc.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSkeerey Maghal

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°17′55″N 4°19′03″W / 54.29861°N 4.31761°W / 54.29861; -4.31761
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmaughold.org.im Cuir in eagar ar Wikidata

Síneann an paróiste féin ó Rhumsaa go Clagh Ouyr (Cloch Odhar), agus ó dhroim an tsléibhe siar go dtí an mhuir. Is ceantar sléibhtiúil é go ginearálta, an chuid is mó de doshaothraithe agus gan chlaíocha. Is iad Baarool Twoaie (561m), Clagh Ouyr (551m), Slieau Lhean (459m), Slieau Ouyr (452m), agus Slieau Ruy (396m) na pointí is airde sa bparóiste. I measc na n-áiteanna is ísle ná Glion Valley Euar, altán beag coillteach ar fhána thuaidh Baarool Twoaie; Glion Chornah, gleann iargúlta idir Páirc Llewellyn as Baarool Twoaie; agus Glion y Dhoon, gleanntán beag coillteach ag bun Slieau Ruy. Téann an talamh le fána go géar ó na sléibhte go dtí an cósta. Tá an cósta ard agus creagach agus tá sé briste suas le góilíní. Tá go leor sruthán ó na sléibhte go dtí an fharraige trí chlaiseanna doimhne, ach is é Abhainn Cornah an ceann is mó acu.

Tá sráidbhaile Maghal i ngar do Kione Maghal (114m), áit ar tháinig an naomh i dtír de réir an tseanchais. Is é an ceann tíre seo an pointe is faide thoir san oileán agus an pointe is gaire do Shasana, 50 ciliméadar ó St. Bees Head. Tá séipéal beag sa sráidbhaile, ceann de na séipéil is sine san oileán. Is teach sa stíl Mhanannach é, agus tá go leor taisí ann, crosa Ceilteacha agus Lochlannacha le rúnscríbhinní ar roinnt acu ina measc. Tá na crosa seo i dtaisce i dTeach Cros Skylley Maghal ar thalamh na heaglaise. Tá trí shéipéal ar an sean-nós le feiceáil i reilig na heaglaise. Sa reilig tá leachtanna cuimhneacháin le feiceáil freisin, agus ainmneacha áitritheoirí an pharóiste a ghlac páirt in imeachtaí tábhachtacha i saol an oileáin ar roinnt acu: Edward Christian (an chéad Ghobharnóir Mhanann), P. M. C. Kermode (an chéad choimeádaí ar Iarsmalann Mhanann), agus Sir Charles Kerruish (an chéad uachtarán Tinvaal). I ngar do chúinne thiar thuaidh na reilige, tá Tobar Naomh Maghal le feiceáil. Thug pobal an oileáin urraim mhór don tobar sna seanlaethanta, ach tá sé ligthe i léig le blianta anuas.

Tá an paróiste faoi stiúir Coimisinéirí Pharóiste Maghal. Tagann siad le chéile ag cruinnithe i Halla Shéipéal an Dúin.