Paróiste (Manainnis: skeerey) i dtuaisceart Oileán Mhanann is ea Skeerey Vreeshey (Gaeilge: Paróiste Bhríde, Béarla: Bride). Tá sé suite sa sheadin Inver Ayre. Tá achar 21.7 km² agus 418 duine ina gcónaí sa bparóiste de réir dhaonáireamh 2006. Tá na sráidbhailte Skyll Vreeshey agus Cranstal sa bparóiste. Síneann sé ó Kione ny h-Ayrey, an pointe is faide ó thuaidh san oileán, go dtí paróiste Creest ny h-Ayrey ó dheas, agus ó Andreas ar an taobh thiar, soir go dtí Muir Éireann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSkeerey Vreeshey

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°22′05″N 4°22′41″W / 54.368°N 4.378°W / 54.368; -4.378
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinInver Ayre Cuir in eagar ar Wikidata

Is é seo an paróiste is gaire don Bhreatain; níl ach 26km idir Kione ny h-Ayrey agus Gall-Ghàidhealaibh in Albain.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar