Sophia Morrison

scríbhneoir Manannach

Gníomhaí cultúrtha, béaloideasaí agus údar ó Oileán Mhanann ba ea Sophia Morrison (24 Bealtaine 1859 – 14 Eanáir 1917). Luaitear í mar laoch de chuid athbheochan chultúrtha Mhanann.

Infotaula de personaSophia Morrison

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1859
Purt ny h-Inshey, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Eanáir 1917
57 bliana d'aois
Purt ny h-Inshey, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir, bailitheoir síscéalta Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Morrison in Purt ny h-Inshey (Port na hInse/Peel) agus í ar an tríú duine de naonúr clainne a rugadh do Charles Morrison (1824-80) agus dá bhean Louisa (née Crellin) (1830-1901). Ceannaí mór ba ea a hathair agus cabhlach báid iascaireachta aige.[1]

D’fhreastail sí ar an Clothworkers’ School agus rinne sí staidéar ar an gceol i Londain ag Coláiste Ceoil na Tríonóide lena cara Edmund Goodwin. Bhí sí ar an gcéad Mhanannach chun dioplóma ceoil a bhaint amach.[2] Bhí suim aici i dteangacha agus bhí Gaeilge Mhanann agus Fraincis ar a dtoil aici, in éineacht leis an eolas a bhí aici ar Ghaeilge na hÉireann, ar Ghaeilge na hAlban, ar Iodáilis agus Spáinnis.[2] Thug sí cuairt ar an bhFrainc, an réigiún Bascach agus na Stáit.[3]

Béaloideas

cuir in eagar

Aithníodh le linn Morrison gurbh í an t-údar ba mhó ar bhéaloideas Mhanann í agus théadh béaloideasaithe móra eile i gcomhairle léi. Scríobh sí ailt don iris Folk Lore, do Celtic Nations & their Literary Activities (a chuir Rhŷs Phillips in eagar) agus do Fairy Faith in Celtic Countries (1911) (Walter Evans-Wentz).[2]

 
Eagrán nua-aoiseach de Manx Fairy Tales le léaráidí le Archibald Knox ón dara heagrán in 1929.

Ba é Charles Roeder (1848–1911), béaloideasaí Gearmánach a bhí ina chónaí i Manchain, a spreag Morrison chun dul i mbun oibre ar bhealach praiticiúil proifisiúnta. Dúirt sé léi: "You are really the only Manx person I know who quite understands the great value of all these matters."[4] Ba nós léi dul chun cainte le daoine amuigh faoin tuath agus is minic a théadh sí amach ag bailiú scéalta agus eile le cairde ar nós Josephine Kermode (“Cushag”).[5] Chuaigh Roeder agus Morrison i gcomhar lena chéile chun Manx Proverbs and Sayings a fhoilsiú in 1905.

Bhí Gaeilge Mhanann ar a toil ag Morrison toisc an chomhrá a dhéanadh sí le pobal na háite, leithéidí iascairí Phort na hInse (Purt ny h-Inshey/Peel), dream ar chuir sí aithne mhaith orthu trína hathair. Bhí fonn orthu an teanga a chaomhnú agus chuir sí ranganna Gaeilge ar bun i bPort na hInse in éineacht le O. Joughin agus William Cashen, ranganna a bhí le fáil feasta sa chuid is mó de bhailte móra an oileáin.[6]

Bhí sí orthu siúd a bhunaigh Yn Çheshaght Ghailckagh (An tSeiseacht Ghaelcach, eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn) in 1899,[7] agus bhí sí ina Rúnaí uirthi ón mbliain 1901 go dtí a bás. Dá bhrí sin bhí lámh mhór aici i roinnt leabhar le daoine eile a chur i gcló, go háirithe First Lessons in Manx (1901), leabhar le Edmund Goodwin.[2]

Bhí fonn uirthi freisin Béarla Mhanann a chaomhnú agus barúil aici go raibh an chanúint i mbaol de dheasca chúngú an Bhéarla ón taobh amuigh.

 
Teideal Mannin. Archibald Knox a dhear é.
 
Clúdach tosaigh an chéad eagrán, Bealtaine 1913

Bhí Morrison freagrach as Mannin: Journal of Matters Past and Present relating to Mann, iris Yn Çheshaght Ghailckagh, a thagadh amach dhá uair in aghaidh na bliana agus naoi n-eagrán foilsithe idir 1913 and 1917. Ba í buaic shaothar Morrison í, “formalizing the ideals of the early-twentieth century Manx cultural movement”.[8] Ba í Morrison a chuir an iris in eagar agus a mhaoinigh í.[9]

Ba í an iris pointe teagmhála ghluaiseacht chultúrtha Mhanann agus réimse mór ábhair inti - ceol, béaloideas, stair bhéil agus stair scríofa, polaitíocht, dúlra, an Ghaeilge féin, beathaisnéisí daoine mór le rá as Oileán Mhanann, agus filíocht, prós agus drámaí.

 
Uaigh mhuintir Morrison ag Port na hInse

Bhí na súile agus na cluasa ag teip go dona ar Morrison le himeacht aimsire, agus bhíodh tinneas cinn néarailgeach uirthi. Chuaigh sí faoi scian ar an oileán agus i Manchain chun na súile a leigheas.[2][10] Fuair sí bás den ailse ar an 14 Eanáir 1917 i bPort na hInse.[2]

Liosta leabhar

cuir in eagar
  1. 'Speaking from the Shadows: Sophia Morrison and the Manx Cultural Revival’, Breesha Maddrell, Folklore, Vol. 113, No. 2 (Oct. 2002), lch 222
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 J. Stowell Kenyon, Breesha Maddrell and Leslie Quilliam, 2006
  3. 'Speaking from the Shadows: Sophia Morrison and the Manx Cultural Revival’, Breesha Maddrell, Folklore, Vol. 113, No. 2 (Oct. 2002), lch 222
  4. Charles Roeder to Sophia Morrison, quoted in Breesha Maddrell, 2002, p. 221
  5. ‘“On the Manx Quest”: Sophia Morrison and Josephine Kermode’ Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine Stephen Miller, Manx Notes: Folkways and Language, No. 138, 2012
  6. ‘Miss Sophia Morrison: In memoriam’[nasc briste go buan] by P. W. Caine, in Mannin, Vol V, No 9, 1917
  7. ‘The Origin of the Manx Language Society’ Curtha i gcartlann 2010-10-20 ar an Wayback Machine Sophia Morrison, in The Manx Quarterly, No. 14. Vol. II, 1914
  8. Breesha Maddrell, 2002, lch 231
  9. ‘Miss Sophia Morrison’ Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine in Manx Quarterly No 18 Vol IV, 1917
  10. Stephen Miller, 2012