An difríocht idir athruithe ar: "Uilithe teangeolaíocha"

Content deleted Content added
Líne 13:
==Uilithe teangeolaíocha i gcúrsaí na foghraíochta==
 
Tá uilithe teangeolaíocha ann san fhoghraíocht freisin. Mar shampla, ní féidir teacht ar aon teanga ar an uile dhomhan a bhainfeadh úsáid na fóinéime as an rolladh teangliopach - is é sin, an fhuaim a chruthaítear tríd an teanga a fháscadh amach idir na liopaí agus é a chur ag crith - cé go bhfuil aithne ag lucht labhartha na gcéadta teanga ar an bhfuaim seo mar chomhartha dímheasa. Ón taobh eile de, níl teanga ann nach n-úsáidfeadh an guta [a] nó [ɑ] mar fhóinéim. Rud eile fós, tá [[Pléascach|pléascaigh]] - fuaimeanna cosúil le [p], [t], [k], [b], [d], [g] - i ngach teanga. Tá an chéad trí cinn acu - [p], [t] agus [k] - le fáil i bhformhór mór na dteangacha, ach tá na consain liopacha [p] agus [m] ar lár i dteangacha na nIroquois Thuaidh, agus níl na consain dhéadacha [t] agus [d] ar fáil sa tSamóis labhartha.
 
==Uilithe teangeolaíocha i gcúrsaí na séimeantaice==