An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 12:
Nuair nach raibh an Iorua á rialú ag rí na Danmhairge a thuilleadh, thosaigh na hIoruaigh ag tuairimiú nach raibh gá acu le teanga na Danmhairge ach an oiread. Cuid acu bhí siad inbharúla go gcaithfidís a gcuma féin a chur ar an Danmhairgis.
 
Ba í an teanga ''Riksmål'' (inniu, an ''[[Bokmål]]'') a tháinig ar an bhfód mar sin. Ba é an dara rogha ná teanga nua scríofa agus liteartha a bhunú ar chaint na ndaoine.
 
Ba é Ivar Aasen a chrom ar an teanga seo a oibriú amach. Chuaigh sé ag bailiú ábhair sna cúigí, agus sa bhliain 1848 d'fhoilsigh sé ''Det norske Folkesprogs Grammatik'', an chéad ghramadach do chaint na ndaoine san Iorua. Ina dhiaidh sin tháinig saothair eile i gcló, mar atá, ''Ordbog over det norske Folkesprog'' - an chéad [[Foclóir|fhoclóir]] - sa bhliain 1850. Ba é an chéad iarracht a rinne sé leis an teanga a chaighdeánú ná ''Prøver af Landsmaalet i Norge'', is é sin, "Eiseamail de chaint na ndaoine san Iorua". Chuir sé dlaoi mhullaigh ar an gcaighdeán le ''Norsk Grammatik'' ("Gramadach na hIoruaise") sa bhliain 1864.