An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

Content deleted Content added
Líne 30:
 
Tá cineálacha eile tátaiméireachta ann, cosúil le tátaiméireacht na n-aimínaigéad. Tá carbocsailghrúpa, ar feidhmghrúpa aigéadach é, agus aimínghrúpa, ar feidhmghrúpa bunata (alcaileach) é i gcomhdhúil gach aimínaigéad, agus is follasach go bhfuil an dá ghrúpa seo ag imoibriú le chéile. Is éard a fhaightear de thoradh an imoibriúcháin seo ná ''svitirian'' (as an téarma Gearmáinise ''Zwitterion'', a úsáidtear mar iasacht sa Bhéarla féin). Sa svitirian tá ian hidrigine an charbocsailghrúpa tar éis greamú den aimínghrúpa, ionas go bhfuil grúpa carbocsaláite -C(O)O<sup>-</sup> agus grúpa aimíde -NH<sub>3</sub><sup>+</sup> ann.
 
Bíonn tátaiméireacht ag baint leis na siúicrídí freisin, cosúil leis an nglúcós: tá tátaiméir shlabhroscailte amháin ag an nglúcós chomh maith le roinnt tátaiméirí cioglacha éagsúla. Is é an difríocht is mó atá idir na siúicrídí agus na h''alcóil siúcra'' cosúil leis an soirbíotól, an xilíotól agus an mainníotól ná nach bhfuil tátaiméireacht ar bith ag roinnt leis na halcóil siúcra.
 
== An Steiré-Isiméireacht ==