An difríocht idir athruithe ar: "Isiméir"

271 bytes added ,  4 mhí ó shin
:R<sub>1</sub>-CH=C(R<sub>2</sub>)O<sup>-</sup>.
 
An saghas tátaiméireachta atá i gceist le tátaiméireacht na n-eanól is na gcéatón, is gnách ''prótatrópacht'' a thabhaurt air, nó is éard atá i gceist leis ná aon phrótón amháin (aon ian hidrigine amháin) a bheith ag luainiú idir dhá adamh carbóin. Tá cineálacha eile tátaiméireachta ann, cosúil le tátaiméireacht na n-aimínaigéad. Tá carbocsailghrúpa, ar feidhmghrúpa aigéadach é, agus aimínghrúpa, ar feidhmghrúpa bunata (alcaileach) é i gcomhdhúil gach aimínaigéad, agus is follasach go bhfuil an dá ghrúpa seo ag imoibriú le chéile. Is éard a fhaightear de thoradh an imoibriúcháin seo ná ''svitirian'' (as an téarma Gearmáinise ''Zwitterion'', a úsáidtear mar iasacht sa Bhéarla féin). Sa svitirian tá ian hidrigine an charbocsailghrúpa tar éis greamú den aimínghrúpa, ionas go bhfuil grúpa carbocsaláite -C(O)O<sup>-</sup> agus grúpa aimíde -NH<sub>3</sub><sup>+</sup> ann.
 
Bíonn tátaiméireacht ag baint leis na siúicrídí freisin, cosúil leis an nglúcós: tá tátaiméir shlabhroscailte amháin ag an nglúcós chomh maith le roinnt tátaiméirí cioglacha éagsúla. Is é an difríocht is mó atá idir na siúicrídí agus na h''alcóil siúcra'' cosúil leis an soirbíotól, an xilíotól agus an mainníotól ná nach bhfuil tátaiméireacht ar bith ag roinnt leis na halcóil siúcra: is comhdhúile slabhroscailte ar fad iad.