An difríocht idir athruithe ar: "Seanad Éireann"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 29:
* Uachtarán a tháinseamh (Airteagal 12.10)
* Chun go leanfar de phróiseas táinsimh, i gcás go ndéanfar cúiseamh agus go dtabharfaidh 2/3 d’aon Teach amháin tacaíocht dó, ní mór don Teach eile é a imscrúdú agus ní mór do 2/3 den Teach eile sin tacaíocht a thabhairt dó.
 
 
====Comhdhéanamh Sheanad an tSaorstáit agus Sheanad 1937===
* 60 Comhalta
* Ní dhéantaí toghcháin an tSeanaid ar aon uain le toghcháin na Dála;
* Iarrthóirí 35 bliana, nó os a chionn, d’aois agus “saoránaigh a ainmneofar as ucht onóir do bheith déanta acu don Náisiún le seirbhís phuiblí úsáideach, no, de bhrí cháilíocht no bhua speisialta do bheith acu, go n-ionaduighid tréithe táchtacha de shaol an Náisiúin.” (Airteagal 30)
* Ba é téarma oifige gach comhalta den Seanad 12 bhliain; thogh gach saoránach a bhí 30 bliain, agus os a chionn, d’aois, an ceathrú cuid de Chomhaltaí an Tí trí Ionadaíocht Chionmhaire agus trí Vóta Inaistrithe Amháin in aon toghlach náisiúnta amháin in aghaidh gach trí bliana. As Rolla a toghadh iad - 2/3 acu arna n-ainmniú lena dtoghadh ag an Dáil agus 1/3 acu ag an Seanad (leagadh amach sa reachtaíocht an modh chun ainmnithigh a mholadh agus a roghnú).
* Sa bhliain 1922, d’fhonn is nach ndéanfaí toghchán díreach i gcomhair 60 seanadóir in aon toghlach amháin, rinneadh socrú speisialta i gcomhair an chéad Seanaid: rinne Uachtarán na hArd-Chomhairle 30 seanadóir a cheapadh i gcomhréir leis na critéir thuasluaite (15 sheanadóir ar feadh 6 bliana agus 15 sheanadóir ar feadh 9 mbliana). Toghadh 30 seanadóir as liosta iarrthóirí a sholáthair an Dáil. In 1925 rinneadh toghchán i gcomhair 19 seanadóir (mar go raibh ceithre chorrfholúntas ann) agus ba é an t-aon toghchán amháin dá shórt a rinneadh ar fud an Stáit.
* Leasaíodh an Bunreacht i ndiaidh 1928 agus athraíodh an toghlach go dtí Seanadóirí agus TDanna ach leanadh den chóras leanúnach (15 sheanadóir in aghaidh gach trí bliana).
 
==Seanad an tSaorstáit (1922-1936)==
 
* 60 Comhalta
* Bíonn toghcháin ar aon uain le toghcháin na Dála (ní mór iad a sheoladh laistigh de 90 lá i ndiaidh lánscor na Dála).
* Déantar 43 Sheanadóir a thoghadh ó rollaí gairmiúla a n-ainmníonn na dreamanna seo a leanas iarrthóirí orthu: (a) comhlachtaí ainmniúcháin (ní mór do chomhlachtaí a bheith cáilithe chun bheith ina gcomhlachtaí den sórt sin de réir coinníollacha a leagtar amach i reachtaíocht) nó (b) ceathrar comhaltaí reatha den Oireachtas.
 
* Cruthaítear dhá fho-rolla agus caithfear aon duine amháin ar a laghad a thoghadh as gach ceann acu.
 
* Is ionann an toghlach do na 43 Sheanadóir sin agus comhairleoirí rialtais áitiúil, comhaltaí nuathofa de chuid na Dála agus Seanadóirí atá ag dul as oifig.
 
* Leagtar amach ábhar an rolla ghairmiúil sa Bhunreacht.
* Toghann céimithe ollscoileanna 6 Sheanadóir, 3 dhuine acu ag céimithe de chuid Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus 3 dhuine acu ag céimithe de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Nuair a ritheadh an tAcht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979, an 3 Lúnasa 1979, rinneadh an ionadaíocht ar an Seanad a bhí ag [[Ollscoil Bhaile Átha Cliath]] agus ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann a leathnú go céimithe ó fhorais tríú leibhéal eile.
* Ceapann an Taoiseach 11 dhuine acu.
==Seanad 1937==
 
== Ballraíocht ==