An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is féidir luas de suas le 50km san uair a bhaint amach ar rothar agus d'éirigh leis an gCeanadach Sam Whittingham 142.51km san uair a bhaint amach ar chúrsa rása. Is é seo an curiarracht le haghaidh feithicle a úsáideann cumhacht dhaonna.
Líne 6:
Stair
Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Luaitear go minic an célérifière a chum an Cúnta Mede De Sivrac i 1790, agus an lauftmaschine a chuir an barún Gearmánach Karl Drais Von Sauerbronn os comhair mhuintir Pháras i 1818. Bhí
Tosaíodh ar rotha rubair a chur ar rothair in 1869 agus bhí siad níos compordaí ansin. Tosaíodh ar an shlabhra a úsáid chun an ghluaiseacht a éascú leis an 'Rover' a chum J.K. Starley sa Bhreatain agus bhí an rothar i bhfad níos sábháilte dá bharr sin, agus de bharr an dá roth a bheith ar aon mhéid. Thiomáin an slabhra an roth cúil a bhí ag casadh ar luas níos airde ná na troitheáin agus bhí an rothar níos tapúla dá bharr sin. Cuireadh feadán aeir sna rotha, rud a chuir tuilleadh feabhais ar chompord agus luas na feithicle. Tosaíodh ar an rothar a tháirgeadh ar bhonn thionsclaíoch agus bhí án-éileamh air mar mhodh taistil i mbailte agus faoin tuath, mar go raibh siad saor go leor don lucht oibre.
Thug an rothar deis taistil do mhná chomh maith agus bhí gach cineál duine in ann dul níos faide ó
In Éirinn, d'úsáid timirí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] agus na
Tháinig an Carr (gluaisteán) chun cinn ag an am céanna agus tháinig meath ar úsáid an rothair mar mhodh taistil idir cathracha, ach leanadh ar aghaidh á úsáid i mbailte móra chun turais ghearra a dhéanamh, in áiteanna atá ró-chúng don charr nó ina bhfuil an pháirceáil gann nó an-daor. De réir mar a d'éirigh daoine as an rothar a úsáid mar phríomh-mhodh taistil tháinig sé chun cinn mar ghléas caitheamh aimsire, go háirithe ag déagóirí.
[[Rang:Iompar]]
[[bg:Велосипед]]
[[ca:Bicicleta]]
[[cs:Jízdní kolo]]
[[da:Cykel]]
[[de:Fahrrad]]
[[en:Bicycle]]
[[es:Bicicleta]]
[[eo:Biciklo]]
[[fr:Bicyclette]]
[[id:Sepeda]]
[[it:Bicicletta]]
[[he:אופניים]]
[[nl:Fiets]]
[[ja:自転車]]
[[no:Sykkel]]
[[pl:Rower]]
[[pt:Bicicleta]]
[[ru:Велосипед]]
[[simple:Bicycle]]
[[fi:Polkupyörä]]
[[sv:Cykel (fordon)]]
[[uk:Велосипед]]
[[zh:腳踏車]]
|