An difríocht idir athruithe ar: "Darfur"

Content deleted Content added
RóC (plé | dréachtaí)
→‎An t-ocras i nDarfur: ónár go ó nár
RóC (plé | dréachtaí)
→‎Scrios i nDarfur: Daor go sclábhaí - See Alt Plé for further discussion
Líne 14:
==Scrios i nDarfur==
 
Is fíor go raibh cogadh cathartha á chur i ndeisceart na tíre sna blianta [[1955]]-[[1972]] agus arís sna blianta [[1983]]-[[2004]], ach mar sin féin, tháinig iarthar na tíre slán as na cogaí seo beagnach gan ghránú. Sa bhliain [[1991]], áfach, tháinig athrú ar na cúrsaí, nuair a d'fhéach Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (SPLA, nó ''Sudan People's Liberation Army'') faoi cheannas Daoud Bolad leis an lasóg a chur sa bharrach i nDarfur. Ní raibh rath ar na hiarrachtaí seo, áfach, agus go gairid ina dhiaidh sin, cimíodh Bolad gan mórán stró. Mar sin féin, is iomaí duine as iarthar na tíre a priosáladh in arm an rialtais chun troid a chur i ndeisceart na tíre faoi bhrat an Ioslaim agus an tSítheáid. Is gnách ''akul al abid bil abid'' nó "fág faoin daorsclábhaí an daorsclábhaí a mharú" a thabhairt ar an straitéis seo (Idris, 2005).
 
Thosaigh na fíorthrioblóidí i nDarfur i Mí Feabhra sa bhliain [[2003]], nuair a d'éirigh ina throid idir Arm Saoirse na Súdáine (''Sudan Liberation Army'', nó SLA), Gluaiseacht an Chirt agus na Cothromaíochta (''Justice and Equality Movement'', nó JEM), agus fórsaí an rialtais. Bhain an rialtas úsáid as mílíste Arabach ar a dtugtaí ''Jinjaweed''. Is é is brí le ''Jinjaweed'' ná "diabhail ar muin chapaill". Tharraing an troid seo géarchéim dhaonnúil anuas ar Darfur agus ar na ceantair i Sead atá ag críochantaíocht le Darfur, nó b'ansin a chuaigh a lán daoine ar lorg dídine le teacht slán ón troid.