An difríocht idir athruithe ar: "John Snow"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Rugadh is tógadh i [[York]], [[Sasana]] é, áit ar obair a athar sa tionscadal guail. Ba é an duine is sine de naoi clainne é. Chuireadh ina phrintíseach in aois a ceathair déag ag máinlia, darb ainm Thomas Harding in [[Newcastle on Tyne]]. I [[1836]] thosaigh sé a oiliúnt formálta mar mhac léinn ins an scoil leighis Hunterian i Londain. Ins an bhliain [[1838]] cláraíodh é mar bhall de Coláiste Ríoga na Máinlianna i Sasana. Bronnadh a chéim ar i [[1844]] agus thóg sé ballríocht i gColáiste Ríoga na Lianna i [[1850]].
 
D’fhoghlaim sé conas anaistéiseainéistéise a úsáid ó na Meirceánaigh agus bhí inniúlacht mhaith aige sa chleachtadh sin. Thug sé éitear don bhainríon Victeoiria dhá uair is í ag saoladh páistí.
 
Dob é an cur chuige a tharraing an clú is mó air áfach ná a choincheap gurb iad bitheoga ba chúis leis an calar in áit an miasma tuairim a bhí fairsing fán am sin. Sa bhliain 1854 bhí briseadh amach ollmhór de chalar i Soho i Londain agus mar gheall ar staidéar cruinn agus anailís beacht statisticeach, chruthaigh Snow gurb í an fhoinse uisce a bhí ag scaipeadh an ghalair. Rinne sé éacht fíorcháiliúl nuair a bhain sé an lámh den chaidéal agus cuireadh stop le scaipeadh an ghalair. D’fhoilsigh sé a mhór thráchtas ina dhá chuid in [[1849]] agus tar éis an briseadh amach i Soho in [[1855]]. ''On the Mode of Communication of Cholera'' an teideal a bhí air.