An difríocht idir athruithe ar: "Manga"

Content deleted Content added
Limited/no value
No edit summary
Líne 1:
{{Glanadh-mar|níl go leor eolas anseo do "stumpa"}}
 
Is e Manga an iris Janpaniocht.
Is é is '''manga''' ann ná an focal Seapáinise a chiallaíonn "coimicí" nó "greannáin". Taobh amuigh den tSeapáin, tugtar manga ar an gcineál coimicí a tharraingítear sa tSeapáin, chomh maith ar choimicí a dhéanann aithris ar stíl shainiúil an mhanga Sheapánaigh. D'fhorbair an manga i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus é ag meascadh stíl na n[[Greanadh adhmaid|greanta adhmaid]] Seapánacha - an cineál greanadh adhmaid a d'éirigh forleathan ón tseachtú haois déag anuas agus ar a dtugtar ''ukiyo-e'' - le tionchar na gcoimicí Meiriceánacha.
 
Is féidir bunús an mhanga a rianú siar go dtí an ochtú haois déag - b'ansin a tháinig an focal féin in úsáid - ach is iad Rakuten Kitazawa agus Osamu Tezuka a chuir tús leis an manga nua-aoiseach. Rugadh Kitazawa sa bhliain 1876, agus timpeall ar dheireadh na naoú haoise déag, d'fhoghlaim sé ealaíontóireacht an Iarthair chomh maith le stíleanna traidisiúnta na Seapáine; thairis sin, bhí sé faoi thionchar na gcoimicí Meiriceánacha, cosúil le ''The Katzenjammer Kids''. Tharraingíodh sé cartúin nuachtáin a raibh eilimintí áirithe den mhanga mar a thugtar an coincheap inniu le haithint orthu, go háirithe an scéal, an insint. B'é Osamu Tezuka (1928-1989) ba mhó a chruthaigh an manga comhaimseartha. Uaidhsean a tháinig cuid mhór de na saintréithe a shamhlaímid inniu leis na coimicí Seapánacha, go háirithe na súile móra. Le fírinne, fuair sé na súile móra ó na Meiriceánaigh, nó bhí sé ag déanamh aithrise ar chartúin Mheiriceánacha a linne, cosúil le ''Betty Boop'' agus ''Donald Duck''.