An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh Uladh"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an [[Rialtas Dúchais|Rialtais Dúchais]] d'[[Éire|Éirinn]] is ea iad '''Óglaigh Uladh''' ('''UVP''', nó as Béarla, na ''Ulster Volunteers'', agus ina dhiaidh sin an t-''Ulster Volunteer Force'', nó "Fórsa Óglaigh Uladh"). Bhunaigh an dlíodóir [[Edward Carson]], [[James Craig]], agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i g[[Cúige Uladh]] Óglaigh Uladh an chéad uair agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i m[[Baile Átha Cliath]]. ''Home Rule is Rome Rule'' ("is é Rialtas na Róimhe an Rialtas Dúchais") agus ''Ulster will fight and Ulster will be right'' ("cuirfidh Ulaidh troid agus beidh an lá ag Ultaibh") na manaí a bhí acu. Shínigh breis is dhá chéad míle duine [[Conradh
Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960idí faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), agus lucht leanúna na heagraíochta ag áitiú gurb ionann í agus sean-Óglaigh Uladh. Bhí an tUVF go mór mór i mbun feallmharfóireachta agus pléascánaíochta leis an bpobal Caitliceach a chéasadh is a ghéarleanúint. Cuid de na hÓglaigh seo, bhí an-lámh acu i ngnáthchoirpeoireacht chomh maith, agus iad ag smugláil is ag díol drugaí. Dealraíonn sé go bhfuil siad i mbun na ngnóthaí seo i gcónaí. Is ar éigean a d'éirigh leo aon ionadaíocht a bhaint amach sna toghcháin leis na blianta anuas. Glactar leis gurb é [[an Páirtí Aontachtach Forásach]] an grúpa polaitiúil is cóngaraí don UVF faoi láthair.
|