An difríocht idir athruithe ar: "Radacarbón"

Content deleted Content added
Rang
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá i gceist leis an '''radacarbón''' ná an [[Iseatóp|t-iseatóp]] radaighníomhach de chuid an charbóin atá ar fáil sa dúlra, nó '''14-C'''. Is é 12-C an t-iseatóp is coitianta atá ag an gcarbón, agus sé phrótón is sé neodrón - nó dhá núicléón déag ar fad - sa núicléas aige, agus is iseatóp cobhsaí, neamh-radaighníomhach é. An radacarbón, áfach, tá dhá neodrón níos mó aige, agus is dual dó an cineál meath radaighníomhach teacht air a dtugtar [[béite-mheath]] air. Go bunúsach, iompaíonn ceann de na neodróin i núicléas an radacarbóin go prótón, ionas go gcruthaítear 14-N, iseatóp de chuid na nítrigine nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós.
 
Cruthaítear radacarbón go nádúrtha thuas san atmaisféar faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Sin í an fhoinse a sholáthraíonn adaimh nua radacarbóin de réir mar a thagann meath ar na seanchinn.