An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"
Content deleted Content added
Naisc |
|||
Líne 1:
[[Íomhá:Ogrianna.jpg|thumb|Ceann de na leabhartha ba cháiliúla a scríobhadh as [[Gaeilge]] riamh, mar atá, ''Cith Is Dealán''. Dúirt [[Niall Ó Dónaill]] gurbh é "an leabhar ba ghreannmhaire" dár tháinig ó pheann "Mháire".]]
Scríbhneoir [[Gaeilge]] ó na Rosa i n[[Gaeltacht]] [[Tír Chonaill|Thír Chonaill]] ab ea é '''Séamus Ó Grianna''' ([[1891]]-[[1969]]), nó "Máire".
Líne 5:
==A mhuintir==
Deartháracha leis ab ea iad an scríbhneoir [[Seosamh Mac Grianna]] agus an seanchaí [[Seán Bán Mac Grianna]]. Breacadh cuid mhaith seanchais síos óna dheirfiúr [[Annie Bhán]] freisin. B'é '''Jim Fheidhlimí''' an t-ainm a bhí ag muintir na háite air, nó bhí a athair, Feidhlimí Dhónaill Phroinsiais, ar an t-aon fhear amháin i Reann na Feirste arbh ainm dó Feidhlimí. Níl i gceist le "Ó Grianna" ach Gaelú ar shloinne oifigiúil a mhuintire, mar atá, Greene. De réir an taighde a rinne Seán Bán, b'é "Grenery" nó "Mac Grianra" an leagan ba chirte.
==A shaol==
Rugadh Séamus Ó Grianna i Reann na Feirste (''Rinn'' na Feirste an leagan caighdeánta) sna Rosa sa bhliain 1891. Ina ghearrstócach dó, chaith sé tamall ag sclábhaíocht ar [[an Lagán]] agus in [[Albain]], agus b'ansin a casadh [[náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaithe Éireannacha]] air an chéad uair. Léigh sé dialann phríosúin [[Seán Mistéal|Sheáin Mhistéil]], ceann de scríbhinní canónta an náisiúnachais Éireannaigh, agus chuaigh sé féin leis an náisiúnachas. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé ina náibhí, d'éirigh leis dintiúirí an mhúinteora bunscoile a bhaint amach. Níor chaith sé ach tamall gairid ina mhúinteoir, ó nach raibh an obair ag teacht leis.
Bhí sé páirteach i
Chaith Séamus seal ina eagarthóir ar mhíosachán [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], ach ó ba rud é nárbh aon ribín réidh é mar dhuine, tugadh bata is bóthar dó go luath. Is amhlaidh go raibh de nós aige bheith ag fáil lochta is ag caitheamh anuas ar na [[Gaeilgeoir|Gaeilgeoirí]], ar chomh dona is a bhí a gcuid Gaeilge acu, ar chomh fannlag is a bhí a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a athbheochan. Bhain na léitheoirí sult as a chuid eascainí tamall, ach nuair a bhí sé tar éis íde bhéil a thabhairt do gach aon duine a raibh céim ar bith aige i ngluaiseacht na teanga, bhí sé thar am aige malairt jab a tharraingt air féin.
Nuair a tháinig na Poblachtánaigh i gcumhacht, fuair Séamus Ó Grianna oifig gan chúram sa státseirbhís a chuir ar a chumas obair scríbhneoireachta a dhéanamh. Bhí sé in ann beagnach tríocha leabhar a chríochnú lena shaol, idir dhíolamaí gearrscéalta, úrscéalta agus dhírbheathaisnéis.
|