An difríocht idir athruithe ar: "Suíceachas (reiligiún)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
 
Caithfidh an Saíceach fíréanta aird a thabhairt ar theagasc na nGurúnna, chomh maith le Gurú Granth Sahib, an "gurú i bhfoirm leabhair", nó scrioptúr naofa na Saíceach. Is éard atá ann ná díolaim téacsanna le scríbhneoirí éagsúla, ar aithin Gurú Arjan Shev, cúigiú Gurú an tSaíceachais, fiúntas reiligiúnda nó morálta iontu. B'é Gobind Singh, an deichiú Gurú, a shocraigh téacs deifnideach an scrioptúir.
 
Tugtar [[gurduárá]] ar an teampall Saíceach, agus caithfidh gach gurduárá Ek Onkar, siombail Dé, a choinneáil le feiceáil, cosúil leis an dóigh a dtaispeánann na heaglaisí Críostaí an chros.