An difríocht idir athruithe ar: "Compás"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is éard is '''compás''' nó '''compás mairnéalaigh''' ann ná gléas a úsáidtear leis na ceithre hairde a aithint thar a chéile agus leis an treoir cheart a aimsiú. Tá snát...
 
No edit summary
Líne 1:
Is éard is '''compás''' nó '''compás mairnéalaigh''' ann ná gléas a úsáidtear leis na ceithre hairde a aithint thar a chéile agus leis an treoir cheart a aimsiú. Tá snáthaid mhaighnéadach ann agus í á casadh de réir mar a luíonn línte an réimse mhaighnéadaigh timpeall an Domhain. Taobh thiar den tsnáthaid, tá aghaidh an chompáis, agus airde an chompáis péinteáilte nó priontáilte uirthi i bhfoirm a chuirfeadh bláth i gcuimhne duit, agus a dtugtar rós an chompáis uirthi. Nuair a luíonn leath thuaidh na snáthaide le tuaisceart an róis, is féidir na hairde eile a aithint ar an rós.
 
==Airde an Chompáis as Gaeilge==
 
Is iad an tuaisceart, an deisceart, an t-iarthar agus an t-oirthear príomhairde an chompáis, ach aithnítear airde eile eatarthu. Is iad airde an chompáis as Gaeilge ná:
Line 37 ⟶ 39:
* ó thuaidh.
 
In áiteanna, go háirithe i nGaeilge na Mumhan, is féidir "pointe" a chloisteáil in áit "lámh". Seasann an dá fhocal seo do ''by'' an Bhéarla (siar ó thuaidh lámh thiar = ''nortwest by west'').