An difríocht idir athruithe ar: "Compás"

Content deleted Content added
Líne 41:
In áiteanna, go háirithe i nGaeilge na Mumhan, is féidir "pointe" a chloisteáil in áit "lámh". Seasann an dá fhocal seo do ''by'' an Bhéarla (siar ó thuaidh lámh thiar = ''nortwest by west'').
 
Na hairde a thugtar thuas, tugtar san fhoirm iad a bheadh á húsáid ar bhord an bháid atá ag dul i dtreo áirithe. An breathnóir a d'fheicfeadh an bád chuige ó threo áirithe, bheadh córas eile in úsáid aige as Gaeilge. An bád atá ag seoladh '''ó thuaidh''' - i dtreo an tuaiscirt - is féidir linn a rá freisin go bhfuil sí ag seoladh '''aneas''' - ó threo an deiscirt. Cosúil leis sin, deirtear go bhfuil an bád atá ag teacht ó threo an iarthair, go bhfuil sí ag teacht '''aniar''', an bád atá ag teacht ó threo an oirthir go bhfuil sí ag teacht '''anoir''', agus an bád atá ag teacht ó threo an deiscirttuaiscirt go bhfuil sí ag teacht '''aneasaduaidh'''.