An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Cugasacha"

Content deleted Content added
Líne 11:
Foghrúpa eile de na teangacha Cugasacha is ea iad na teangacha Caspacha nó na teangacha Nacha-Dhagastánacha - na teangacha Cugasacha Oir-Thuaisceartacha. Is iad an tSeisnis agus an Iongúisis na teangacha is tábhachtaí acu seo. Teangacha eile sa chraobh seo iad an teanga Lak, an teanga Avar, an teanga Lezgi, an teanga Tabasaran, agus an teanga Dargwa. Is teangacha liteartha iad seo, ach thairis sin, tá cuid mhaith eile acu ann nach bhfuil caighdeán scríofa ar bith acu.
 
==Na [[Teangacha Pontacha]]==
 
Is iad na teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha, nó na teangacha Pontacha, nó na teangacha [[Abkhaz-AdygeAdyghe]], an tríú foghrúpa atá ina fhíor-fhine teangacha. Is í an Chabairdis an teanga is líonmhaire cainteoirí dúchais acu. Teangacha eile iad an teanga Adyghe, a bhfuil gaol dlúth aici leis an gCabairdis - is minic a dhearctar ar an mbeirt acu mar chanúint aon teanga amháin - agus na teangacha Abkhaz agus Abaza, agus iad níos cosúla le chéile ná leis an gCabairdis nó leis an teanga Adyghe. Bhí a leithéid de theanga ann agus Ubykh freisin, ach fuair an cainteoir deireanach dúchais bás sa bhliain 1992. Bhí an teanga Ubykh níos cosúla leis an teanga Abkhaz agus leis an teanga Abaza, ach b'í an teanga Adyghe a mharaigh í.
 
==Teangacha "neamh-Chugasacha" na Cugaise==