An difríocht idir athruithe ar: "Billy Joel"

Content deleted Content added
An Chéad Dréacht. An féidir an grianghraf a thógáil ón leagan Béarla?
 
Nasc nua agus ceartú naisc
Líne 8:
}}
 
Is [[amhránaí]], [[pianódóir]], [[scríbhneoir]], [[cumadóir]] agus [[ceoltóir]] Meiriceánach é '''William Joseph Martin "Billy" Joel''' (9 Bealtaine 1949 a rugadh é). D’eisigh sé a chéad amhrán mór-ráchairte, ''Piano Man'', sa bhliain 1973. Is é an séú ceoltóir is mó díol sna Stáit Aontaithe é, dar leis an RIAA. Bhí amhráin rathúla ag Joel san 1970idí, 1980idí agus na 1990idí. Tá sé Ghradam Grammy buaite aige agus díoladh breis is 150 milliún dá chuid go dtí seo. D’éirigh sé as rac-cheol a thaifeadadh sa bhliain 1993 ach lean sé air ag dul ar camchuairt. Bhí an cheolchoirm dheireanach dá chuid in Éirinn i bPáirc an Chrócaigh ar 29 Iúil 2006.
 
==Óige==
 
Rugadh é sa [[An Bronx|Bronx]] i [[Nua-Eabhrac]] agus tógadh é i Hicksville, Nua-Eabhrac. Is duine de bhunadh Giúdach é agus tháinig a athair go Meiriceá ar dtús agus é ag teitheadh ó na Naitsithe sa Ghearmáin. Bhí suim mhór ag Billy sa cheol agus é óg, go háirithe sa cheol clasaiceach Eorpach. Thosaigh sé ar sheinm an phianó a fhoghlaim agus é an-óg. Rinneadh tromaíocht air go minic agus é ar scoil mar gheall ar an tsuim a bhí aige sa cheol, agus gan suim dá laghad aige sa spórt. Bhí sé ina dhornálaí ar feadh tamaill, scil a =d’fhoghlaim sé chun é féin a chosaint. Ach d’éirigh sé as an spórt tar éis gur briseadh a shrón i dtroid amháin. D’fhág sé an mheánscoil gan cháilíocht agus chrom sé ar ghairm cheoil a bhaint amach dó féin.
 
==Gairm Cheoil==
Líne 22:
==Tionchar ar a Chuid Ceoil==
 
Chuaigh go leor cineálacha ceoil i bhfeidhm ar Billy Joel agus é i mbun cumadóireachta. Ar dtús ba é an ceol clasaiceach a d’imir tionchar air. Ach ba iad na ceoltóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ná [[Ray Charles]] agus The Beatles, go háirithe [[Paul Mc CartneyMcCartney]].<ref>http://www.classicrockcentral.com/classic_rock_gimme5-Display.cfm?week=6</ref> Is é ‘Ray’ an dara ainm ag iníon Joel, Alexa Ray Joel, in onóir Ray Charles.
 
==Saol Pearsanta==