An difríocht idir athruithe ar: "Cath an tSléibhe Bháin"

Content deleted Content added
Rang +IV +Nasc
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 6:
==An Cath==
Chruinnigh an ceannaire Bóihéimeach, Christian Anhalt, a chuid saighdiúirí, agus ghlacadar seilbh ar leataobh an chnoicgcnoc (''Bílá Hora'' sa tSeicish, ''Weißer Berg'' sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]], nó an Sliabh Bán) ag dúnadh bhóthar Phráig ar Tilly. Bhí ionad maith cosanta acu, a eite dheas le caisleán seilge, sruthán lena eite chlé, agus sruthán is talamh riascach amach rompu.
 
I gcampa Tilly an oíche sular tugadh an cath, tháinig an tAthair Doiminic, sagart [[Caipisíneach]], i láthair chomhairle na gceannairí le pictiúr d’Áradh na nAoirí a bhí loite ag na Protastúnaigh, rud a chur fearg ar na saighdiúirí [[caitliceachas|caitliceacha]]. De réir tuairiscí áirithe ba é an sagart a ghríosaigh na ceannairi chun cath a thabhairt an mhaidin dár gcionn in ainneoin neart an namhad ina n-ionad inchosanta ar an gcnoc os cionn an bhóthair.
Líne 19:
De réir a chéile cuireadh deireadh le saoirse chreidimh sa Bhóihéim agus theith na Protastúnaigh nó ruaigeadh iad as an tír. In iarracht na cúigí ceannairceacha san Ísiltír a thimpeallú ghabh arm na [[An Spáinn|Spáinne]] an Phailitín. Ba ansin, agus na Protastúnaigh i riocht a mbuailte sa ghearmáin, a tháinig [[an Danmhairg]] isteach sa chogadh.
 
==AnCath an tSléibhe Bháin sa Litríocht==
Tá Cath an tSléibhe Bháin mar chúlra le cuid mhór de na himeachtaí san úrscéal [[An Cléireach]] ([[Leabhar Breac]] 2007) le [[Darach Ó Scolaí]]
 
==Tagairtí==