An difríocht idir athruithe ar: "Liam Mac Cóil"

Content deleted Content added
m No such image.
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 4:
 
Níl aon úrscéalaí i nGaeilge inniu inchurtha leis ó thaobh cúraim, cruinnis is soiléireachta de, dar le h[[Alan Titley]] in The Irish Times.
 
 
== Foilseacháin ==
 
''The Book of Blackrock'', Carraig Books 1977
''Tiocfaidh Lá'', Carbad 1977 (aistriúchán ar ''Daw Dydd'' le Ffred Ffrancis)
''Saibhreas Chnoic Chaspair'', An Gúm 1981 (aistriúchán ar ''Trysor Bryniau Caspar'' le J. Selwyn Lloyd)
''An Dochtúir Áthas'', Leabhar Breac 1994
''An Claíomh Solais'', Leabhar Breac 1998
Bliainiris, Carbad 2000-200
''Nótaí ón Lár: Dialann Mhantach'', Leabhar Breac 2003
''Fontenoy'', Leabhar Breac, 2005
 
Rugadh Liam Mac Cóil sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus ba ann a bhí cónaí air go dtí gur bhog sé go Ráth Cairn i ndeireadh na n-ochtóidí. Is iar-Eagarthóir Cúnta de chuid an Ghúim é agus iar-Rúnaí Taighde leis an gCoiste Téarmaíochta. Tá sé ar stiúrthóirí an ghrúpa foilsitheoireachta Carbad agus ón mbliain 1999 i leith tá sé féin agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn ina n-eagarthóirí ar an bhfoilseachán bliantúil Bliainiris (BÁC: Carbad, 2000-), díolaim d’ábhar ilghnéitheach.
 
 
Ba é An Dochtúir Áthas (Gaillimh: Leabhar Breac, 1994) a chead úrscéal in ainneoin gur foilsíodh roinnt mhaith gearrscéalta sna hirisí Gaeilge cheana. Ar an gcéad dul síos déarfaí go bpléann an leabhar le cúrsaí sícanailíse agus an gaol idir an dochtúir agus an cliant ach is iomaí leibhéal brí atá sa leabhar seo a bhfuil greann nach beag ag roinnt leis. Ainmníodh an leabhar ar ghearrliosta Dhuais The Irish Times agus tá an-mheas air ó shin. Bhain an dara húrséal aige An Claíomh Solais (BÁC: Carbad, 1998) le stáisiún teilifíse. In Notaí ón lár: dialann mhantach (Gaillimh: Leabhar Breac, 2003) léirítear an raon leathan spéise atá ag Mac Cóil agus go háirithe an tuiscint atá aige ar an gcultúr Eorpach.
 
Léiríodh drámaí raidió dá chuid ar RTÉ agus tá ailt critice aige ar scríbhneoirí cruthaitheacha na linne seo le fáil in irisí liteartha i mBéarla agus i nGaeilge.
 
==Naisc==