An difríocht idir athruithe ar: "Cín Lae Ó Mealláin"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Cuntas Gaeilge is ea '''Cín Lae Ó Mealláin''' a coinníodh ar imeachtaí an chogaidh in Éirinn ó 1641-1647.
 
Dialann chogaidh atá sa chín lae a thosaíonn ar an 22 Deireadh Fómhair 1641 a thagan chun deiridh go tobann i mí Feabhra 1647. Cuntas lom tuairisciúil atá inti ar an gcogadh i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean agus é scríofa ó sheasamh na nUltach. Ón gcaoi a bhfuil sí scríofa ba dhóigh go raibh sé i gceist ag an údar í a líonadh amach agus a athdhréachtú níos deireanaí. Le linn an chogaidh thug an sagart Proinsiasach [[Brian Mac Giolla Coinnigh]] treoir do na hoifigigh Chaitliceacha in arm an rí cuntas a choinneáil ar an gcogadh, agus is dóigh gur dá bharr sin a coinníodh an chín lae seo. Síltear go coitianta gurb é séiplíneach an uachtaráin [[Féilim Ó Néill]], an sagart Proinsiasach Toirdheabhlach Ó Mealláin, údar na cín lae. Is in Ollscoil na hEireann, Corcaigh, atá an bhunscríbhinn anois
 
Tá tábhachtach ar leith leis an gCín Lae mar cháipéis staire. Ní hamháin gur cuntas comhaimseartha ar imeachtaí an chogaidh in Éirinn é, ach cés moite de na dánta a chum [[Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair]] is beag eile a bhaineann leis na himeachtaí sin a mhaireann i nGaeilge.
 
Is in Ollscoil na hEireann, Corcaigh, atá an bhunscríbhinn anois.
 
== Tagairtí ==