An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair"

Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Viciln (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Thart faoin mbliain [[1649]] a mhair an file Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair, agus cé nach bhfuil ar marthain dá chuid filíochta ach trí dhán, tá sé aar cheann de na foinsí is tábhachtaí Gaeilge ar chogaí [[1641]]-[[1652]] in Éirinn.
 
== Tuairisc Thoirdhealbhaigh Charraigh Uí Chonchubhair ==
Líne 7:
I ndán amháin dá chuid tugann an file 'saighdiúir singil' air féin (cé go gceapann Mag Craith gur oifigeach a bhí ann). ach tríd síos ina chuid dánta cruthaíonn sé pictiúr de féin dúinn mar fhear grinn a bhfuil teanga ghéar fheantach air. Sa dán (a cumadh i stíl na crosántachta) ''An gcuala tú cúrsa Corinel Seónsa?'' déanann sé magadh faoin Marcas Urmhumhan agus faoin Vícunta Móta Gairéad.. Tugann sé le fios i bpéire de na dánta gur saighdiúir a bhí ann, agus go deimhin tá an-tábhacht leis an dá dhán sin mar fhoinse Ghaeilge ar chogaíocht na 17ú haoise agus mar léiriú ar dhearcadh na nGael ar na himeachtaí sin. Go deimhin, cé is moite de ''[[Cín Lae Ó Mealláin]]'' níl a mhacasamhail ar fáil ón tréimhse sin.
 
== 'Toirealach Carach Ó Conchúir' sa Litríocht ==
Déantar léiriú ficseanúil ar Thoirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair mar an meirgire caivilíreach 'Toirealach Ó Conchúir' in arm an rí sa bhliain 1650 san úrscéal ''[[An Cléireach]]'' (Leabhar Breac 2007) le [[Darach Ó Scolaí]].