An difríocht idir athruithe ar: "Coláiste Naomh Antaine"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) |
No edit summary |
||
Líne 4:
I 1617 tógadh an coláiste atá ann inniu. Ba ghearr go raibh an coláiste i gcroílár fheachtas na bProinsiasach in aghaidh an [[reifirméisin]] in Éirinn. Chuir na Proinsiasaigh rompu clólann a bhunú chun ábhar spioradálta a leathadh in Éirinn. D'fhorbair siad cló Gaelach chun é sin a dhéanamh. Chomh maith leis na leabhair dhiaganta d'fhoilsigh na bráithre ábhar eile i nGaeilge. B'as an gcoláiste a cuireadh [[Micheál Ó Cléirigh]] go hÉirinn chun ábhar a bhailiú do [[Annála na gCeithre Máistrí]]. D'fhoilsigh na Bráithre foclóir Gaeilge Uí Chléirigh sa bhliain 1643.
Bhí an sagart Brian Mac Giolla Coinnigh ina ghairdian ar an gcoláiste ó 1637-1641, agus foilsíodh a ''Riaghuileacha Threas Uird S. Froinsias'' i Lobháin i 1641.
Ba i gColáiste Naomh Antaine a chaith an captaen [[Somhairle Mac Domhnaill]] deireadh a shaoil. Ceaptar gur ag an gcoláiste a d'fhág sé [[An Duanaire Finn]], an leabhar laoithe fiannaíochta a chur sé á scríobh c.1630.
|