An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
+interwiki
Nasc +Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:Wesele Kozackie.jpg|thumb|''Bainis Casacach'' le Józef Brandt]]
Tugtar '''Cosacaigh''' ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san [[An Úcráin|Úcráin]]. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa [[An Rúis|Rúis]]. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach sna meánaoiseanna, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh [[14ú haois|an gceathrú haois déag]].
 
Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - [[an Pholainn]], [[an Rúis]] agus [[Cánacht na Crimé]] - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na [[Impireacht na Rúise|hImpirí Rúiseacha]] in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.
 
Ghreamaigh íomhá rómánsúil na saoirse agus na heachtraíochta de na Cosacaigh go dtí an lá inniu, rud atá le haithint ar litríocht na Rúise agus na hÚcráine. Tá iarsmaí na gCosacach i Rúis an lae inniu eagraithe ina marcshluaite arís, agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe ag tacaíocht le páirtithe agus dreamanna náisiúnaíocha. Níl údaráis na Rúise sásta stádas an ghrúpa eitnigh a bhronnadh ar na Cosacaigh go hoifigiúil, áfach.
 
Is iad na teangacha is mó a shamhlaítear leis na Cosacaigh ná an [[Rúisis]] agus an [[Úcráinis]]. Bhí canúint, téarmaí agus focail dá gcuid féin ag na Cosacaigh sa dá theanga, áfach.
 
{{stumpasíol}}
[[Catagóir:An Rúis]]
 
 
[[bg:Казаци]]