An difríocht idir athruithe ar: "Aosdána"

Content deleted Content added
Íomha arna cur leis an alt chomh maith le heolas breise faoi na Saoithe
Eolas eile agus píosa faoin gconspóid
Líne 1:
[[Íomhá:Lógó Aosdána.gif|thumb|deas|250px]]
 
Acadamh neamhfhoirmiúil de [[Scríbhneoir|scríbhneoirí]], lucht léinn, agus ealaíontóirí Éireannacha is ea '''Aosdána'''. Bhunaigh [[an Chomhairle Ealaíon]] éan grúpa sa bhliain 1981. Faigheann an t-acadamh agus a bhaill liúntais ó rialtas na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Aosdána aitheantas a thabhairt dá bhaill, chomh maith leis na healaíona a chur chun cinn in [[Éire|Éirinn]].
 
==Coinníollacha Ballraíochta==
Líne 18:
 
Bíonn baill Aosdána ag teacht le chéile uair sa bhliain chun baill nua a thoghadh agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí agus ar obair na heagraíochta. San áireamh leis sin, déantar plé ar chás na n-ealaíontóirí agus na n-ealaíon i saol na linne.
 
==Conspóid==
 
Spreagadh conspóid san eagraíocht seo sa bhliain 1997, nuair a rinne ball amháin, an file [[Máire Mhac an tSaoi]], iarracht tabhairt ar na baill go léir an scríbhneoir Francis Stewart a chaitheamh amach as an ngrúpa. Theip ar an rún agus d'éirigh Mhac an tSaoi as a ballraíocht féin san eagraíocht mar agóid ina choinne seo.<ref>[http://www.artscouncil.ie/Publications/An_Chomhairle_Eala%C3%ADon_1997.pdf Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Ealaíon, 1997, lth 12]</ref> Ba é an chúis leis seo ná an mhíshástacht a bhí ar Mhac an tSaoi i leith na bainte a bhí ag Francis Stewart leis na Naitsithe sa Ghearmáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.<ref>http://www.rte.ie/news/2000/0202/writer.html</ref>
 
==Tagairtí==