An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
m Nasc
Líne 8:
Saolaíodh Clive Staples Lewis i mBéal Feirste d'Albert James Lewis agus Flora Augusta Hamilton Lewis. Nuair a bhí Clive óg ceithre bliana d'aois, bhuail gluaisteán a mhadra a d'éag sa teagmháil. Jacksie a bhí ar an madra, agus bhí Clive chomh mór sin faoi mhéala is gur éiligh sé ar a thuismitheoirí gan ach Jacksie a thabhairt air feasta. De réir a chéile, rinneadh Jacks nó Jack den leasainm sin, agus is é Jack an t-ainm a thugadh a chuid cairde air, conablach a shaoil.
 
Bhí deartháir amháin aige, Warnie (Warren Hamilton Lewis) a bhí trí bliana ní ba sine ná eisean. Fuair máthair na beirte buachaillí bás sa bhliain 1908, agus as sin amach, bhí Lewis á mhúineadh ag an gcorr-theagascóir baile a tharla a bheith ann. Nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois, cuireadh go dtí Sasana é le léann a fhoghlaim i scoil chónaitheach in éineacht lena dheartháir. Ní raibh mórán ama caite aige sa scoil sin - Scoil Wynyard i Watford i Sír Hertford - nuair a dúnadh í, agus go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh an príomhoide i ngealtlann. Ansin, chaith Lewis cupla mí i gColáiste an Chaimbéalaigh i mBéal Feirste, ach ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Cherbourg, agus ansin, fuarthas áit dó i gColáiste Malvern i Malvern, Sír Worcester. Faoin mbliain 1913, thug sé droim láimhe dá chreideamh Chríostaí agus d'fhógair sé gurbh [[aindiachaí]] é. Nuair a bhí bliain amháin thart aige i Malvern, chrom sé ar staidéar príobháideach, agus seanteagascóir a athara, William T. Kirkpatrick, mar chrann taca aige.
 
Bhí an-suim ag Lewis i scéalta faoi ainmhithe riamh, agus in éineacht lena dheartháir, cheap sé ''Boxen'', domhan samhlaithe na n-ainmhithe daonchosúla. Bhí siad ag scríobh scéalta agus á n-insint dá chéile faoi eachtraí na n-ainmhithe i mBoxen. Tháinig na smaointí seo as leabhair Beatrix Potter, nó bhí sise ar duine de na scríbhneoirí ab ansa le Lewis, nuair a bhí sé óg. Bhí teach a athara lán leabhar, rud a thaitin go mór mór leis, ó bhí sé ina léitheoir craosach. Bhí an-eagla air roimh na feithidí agus na damháin alla, áfach, agus bhí siad ina n-ábhar mór tromluithe aige go minic.