An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"
Content deleted Content added
Líne 74:
==Ceol==
Tá aird [[An Domhan|an domhan]] tarraingte ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliúin ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomh-amhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a h-óige agus anois tá níos mó ná 75 milliúin ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáill ar cheoltóirí eile on pharóiste, b'iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc
Bíonn ''Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy'' ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó [[Bhéal Feirste]] ó dhúchas, a bhí pósta ar [[Mhairéad Ní Mhaonaigh]] go dtí go bhfuair sé bás le hailse in [[1994]].
|