Tar éis dó cuairt a thabhairt ar a aintín, Lady Gregory, in Éirinn agus taispeántas péintéireachta comhaimseartha a fheiceáil ansin, shamhlaigh Lane go bhféadfaí dánlann a bhunú ina bhféadfaí agus an chuid is fearr d'ealaín nua-aimseartha na hÉireann agus an domhain mhór a chur ar taispeáint, taobh le taobh. Ón am sin ar aghaidh, dhírigh Lane a chuir iarrachtaí go léir ar bhailiú na healaíne nua-aimseartha ó Éirinn, Sasana agus ón Mór-Roinn, don dánlann nua. Osclaíodh an dánlann nua seo ar 20 Eanáir 1908 i dTeach Clonmell ar Shráid Fhearcair, i m[[Baile Átha Cliath]]. Ach bhí deacrachtaí le hionad buan a fháil don bhailiúchán agus bhí Lane féin imithe ar shlí na fírinne sulasular lonnaíodh an bailiúchán i ndánlann bhuan, i dTeach Charlemont ar Chearnóg Pharnell.