An difríocht idir athruithe ar: "Mu isamaa, mu õnn ja rõõm"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 20:13, 7 Iúil 2005

Is é Mu isamaa, mu õnn ja rõõm ("Mo thír dhúchais, mo ghliondar is mo rímhéad") amhrán náisiúnta na hEastóine. Glacadh cinneadh oifigiúil faoi seo sa bhliain 1920 an chéad uair. Nuair a d'fhorghabh na Sóivéadaigh an tír sa bhliain 1940, chaill an t-amhrán an chéimíocht seo, ach tugadh isteach í arís leis an neamhspleáchas nua sa bhliain 1991.

B'é Johann Voldemar Jannsen a scríobh an téacs, ach fuarthas an ceol ar iasacht ó na Fionlannaigh - is ionann é agus amhrán náisiúnta na Fionlainne. B'é Fredrik Pacius a chum an fonn, thiar sa bhliain 1848.