An difríocht idir athruithe ar: "Fredrik Pacius"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 3:
Tháinig Pacius go dtí an Fhionlainn sa bhliain 1834 le ceoltóireacht a theagasc san ollscoil i [[Heilsincí]]. Rinne sé an-obair le saol ceoltóireachta na Fionlainne a eagrú, nó bhunaigh sé cór do na mic léinn, chomh maith le cumann ceoltóireachta agus ceolchoirm. Sa bhliain 1848, chuir sé ceol le ''Vårt Land'' ("Ár dTír''), dán cáiliúil le Johann Ludvig Runeberg, file náisiúnta na Fionlainne, agus thug na Fionlannaigh a leithéid de thaithneamh don amhrán seo is gurb é amhrán náisiúnta na tíre é inniu féin. Ar ndóigh, is as Fionlainnis is minicí a chantar é inniu, faoin teideal ''Maamme''. Tá an fonn céanna ag dul le [[Mu isamaa, mu õnn ja rõõm]], amhrán náisiúnta na hEastóine.
 
Sa bhliain 1852 a chum Pacius an dara saothar is cáiliúla aige, mar atá, an chéad cheoldráma Fionlannach riamh. ''Kung Karls jakt'' atá air as Sualainnis, agus ''Kaarle-kuninkaan metsästys'' as Fionlainnis - ciallaíonn an dá ainm sin ''An Rí Séarlas ag Sealgaireacht''. B'é Zacharias Topelius, duine de scríbhneoirí bisiúla na linne san Fhionlainn, a scríobh téacs don cheoldráma: cur síos atá ann, go bunúsach, ar thuras sealgaireachta Rí na Sualainne go dtí an Fhionlainn. Ós rud é gur cuid den Rúis Impiriúil ab ea í an Fhionlainn ag an am, bhí a phriacal féin ag baint leis an ábhar. Mar sin féin, ó tharla gur chuir an ceoldráma béim ar dhílseacht an náisiúin don rí, níor bhac na cinsirí len é a stopadh.