An difríocht idir athruithe ar: "Fredrik Pacius"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Ceoltóir ab ea é '''Fredrik Pacius''' (nó ''Friedrich Pazius'', as Gearmáinis) a chuir bun le traidisiún an cheoil Chlasaicigh san Fhionlainn. Tugtar "athair an cheoil Fhionlannaigh" air. Gearmánach ab ea é, nó rugadh in Hamburg é sa bhliain 1809. Fuair sé bás san Fhionlainn sa bhliain 1891.
Tháinig Pacius go dtí an Fhionlainn sa bhliain 1834 le ceoltóireacht a theagasc san ollscoil i [[Heilsincí]]. Rinne sé an-obair le saol ceoltóireachta na Fionlainne a eagrú, nó bhunaigh sé cór do na mic léinn, chomh maith le cumann ceoltóireachta agus ceolchoirm. Sa bhliain 1848, chuir sé ceol le ''Vårt Land'' ("Ár dTír
Sa bhliain 1852 a chum Pacius an dara saothar is cáiliúla aige, mar atá, an chéad cheoldráma Fionlannach riamh. ''Kung Karls jakt'' atá air as Sualainnis, agus ''Kaarle-kuninkaan metsästys'' as Fionlainnis - ciallaíonn an dá ainm sin ''An Rí Séarlas ag Sealgaireacht''. B'é Zacharias Topelius, duine de scríbhneoirí bisiúla na linne san Fhionlainn, a scríobh téacs don cheoldráma: cur síos atá ann, go bunúsach, ar thuras sealgaireachta Rí na Sualainne go dtí an Fhionlainn. Ós rud é gur cuid den Rúis Impiriúil ab ea í an Fhionlainn ag an am, bhí a phriacal féin ag baint leis an ábhar. Mar sin féin, ó tharla gur chuir an ceoldráma béim ar dhílseacht an náisiúin don rí, níor bhac na cinsirí len é a stopadh.
|