An difríocht idir athruithe ar: "Zadar"

Content deleted Content added
{{Bosca Sonraí - Cathracha}}
mNo edit summary
Líne 29:
Tar éis don Veinéis titim i 1797 ghabh Impireacht na hOstaire seilbh ar an Dalmáit agus aontaíodh Zadar leis an chuid eile den Chróit. Bhí seilbh ag na [[An Fhrainc|Francaigh]] uirthi ar feadh tréimhse ghearr mar chuid de ríocht na [[An Iodáil|hIodáile]] (1806-1813). Ghabh na hOstaraigh seilbh ar an Dalmáit arís sa bhliain 1813. Le linn tréimhse [[Napoleon]] foilsíogh an chéad nuachtán Dalmáiteach "''Kraglski Dalmatin - Il Regio Dalmata''" i Zadar. Faoi réimeas na hOstaire bhí an-iomaíocht idir Iodálaigh agus Slávaigh sa cheantar agus an náisiúnachas ag teacht chun cinn tar éis 1848. Ghabh arm na hIodáile seilbh ar Zadar i mí na Samhna 1918 agus rinneadh cathair Iodálach di i 1920, faoi Chonradh Rapallo, agus Zara mar ainm oifigiúil uirthi. Thosaigh daoine ag tréigean na cathrach nuair a tháinig na Fasaistigh i gcumhacht san Iodáil.
 
Tar éis don [[An Ghearmáin|Ghearmáin]] ionradh a dhéanamh ar [[an IúgsláivIúgslaiv]] i 1941 rinneadh cúige Iodálach den Dalmáit, osclaíodh campaí géibhinn do Shlávaigh agus rinneadh cos ar bolg ar mhuintir na háite. Nuair a ruaigeadh [[Mussolini]] as oifig ghéill rialtas Pietro Badoglio do na comhghualaithe. Ghabh na Gearmánaigh seilbh ar Zadar agus d'fhulaing an chathair go mór ó bhuamáil na [[Comhghuaillithe|gComhghuallaithe]]. Maraíodh na mílte agus scriosadh séadchomharthaí stairiúla. Theith na mílte de shliocht na hIodáile agus nuair a chúlaigh na Gearmánaigh ghabh treallchogaithe Tito an chathair. Lonnaigh Cróitigh inti agus ba chuid de Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na Iúgsláive í feasta.
 
D'fhás an chathair go mear faoin réimeas nua, tógadh bóithre agus monarchana agus cuireadh tús le tionscal na turasóireachta. Bhí an-chuid fostaíochta i Zadar agus caighdeán maireachtála i bhfad níos airde inti ná i gceantair eile sa tír. Thit an Iúgsláiv as a chéile tar éis bhás Tito agus thosaigh cogaí idir na poblachtaí éagsúla. Tháinig meath ar eacnamaíocht Zadar sa tréimhse seo, go háirithe mar gheall ar bheartas príobháidithe a chuir deireadh le formhór na gcuideachta rafara a bhí inti. Le linn chogadh na Saoirse d'ionsaigh fórsaí Seirbeacha an chathair le gunnaí móra agus bhí sí faoi léigear ar feadh dhá bhliain. Tháinig deireadh leis an chogadh i 1995.