An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Laoire"

Content deleted Content added
Tús - tiocfaidh mé ar ais leis an nglantóir go luath..
 
m ~IV
Líne 18:
Abhcóide agus polaiteoir sinsearach [[Éire|Éireannach]] ab ea é '''Mícheál Ó Laoire''' ([[8 Bealtaine]], [[1936]] – [[11 Bealtaine]], [[2006]]), nó ''Michael O'Leary'' mar atá aithne air as [[Béarla]]. Agus é ina cheannaire ar [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Pháirtí an Lucht Oibre]], chaith sé sealanna mar Aire Saothair, Aire Fuinnimh agus [[Tánaiste]]. Níos déanaí ina shaol, d'aistrigh sé go dtí Fine Gael.
 
Mac le tábhairneoir, rugadh Mícheál Ó Laoire i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é ag [[Coláiste na Toirbhirte]], [[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh|Coláiste na hOllscoile Corcaigh]] agus [[Ollscoil Columbia]] i [[Nua-Eabhrac]]. Tar éis dó filleadh abhaile, bhí baint aige le polaitíocht an lucht oibre, agus fostaíodh é mar Oifigeach Oideachais ag [[Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann]].
 
Toghadh Ó Laoire go [[Dáil Éireann]] don chéad uair mar iarrthóir ón Lucht Oibre tar éis olltoghchán na bliana 1965. Agus é istigh sa Dháil, spreag sé a pháirtí seasamh níos eite chlé a thabhairt isteach ina gcuid polasaithe. Ar dtús bhí sé glan in aghaidh comhrialtas a chuir ar bhun le Fine Gael, ach tar éis olltoghchán na bliana 1969, chreid sé go raibh gá ann le stráitéis nua. Nuair a bhunaigh siad comhrialtas sa bhliain 1973, ceapadh ina Aire Labour é.
Líne 44:
[[Catagóir:Básanna i 2006|O Laoire, Mícheál]]
 
[[en:Michael O'Leary (politician)]]