An difríocht idir athruithe ar: "Pálás Versailles"

Content deleted Content added
Ceartú naisc
Tús eolais faoi bhunú an pháláis
Líne 1:
[[Íomhá:Chateau-de-versailles-cour.jpg|thumb|deas|350px|Pálás Versailles]]
Seanphálás ríoga de chuid na [[An Fhrainc|Fraince]] is ea '''Pálás Versailles''' (''Château de Versailles'' as [[Fraincis]]). Tá sé lonnaithe i Versailles, áit atá ina bruachbhaile de [[Páras|Pháras]] anois. Tosaíodh ar an bPálás a thógáil le linn réimeas [[Laoiseach XIV na Fraince|Laoiseach XIV]] agus d'fhorbair sé ina lár-ionad cumhachta do mhonarcacht absalóideach na Fraince, rud a mhair go dtí [[Réabhlóid na Fraince (1789)|Réabhlóid na Fraince]]. Is díol spéise mór é do thurasóirí a thagann go dtí an Fhrainc, sa lá atá inniu ann.
 
==Bunús an Árais Ríoga==
 
Cuireadh tús leis an lonnaíocht ríoga i Versailles nuair a thóg [[Laoiseach XVII na Fraince||Laoiseach XIII]] lóiste sealgaireachta ansin dó féin idir na blianta 1623-34.
 
==Forbairt an Pháláis==
 
Nuair a tháinig Laoiseach XIV i gcomharbacht air, bhí suim mhór aige siúd lárionad cumhachta a bhunú dó féin ar mhaithe le seasmhacht pholaitiúil a bhaint amach sa Fhrainc. Chinn sé ar fhorbairt a dhéanamh ar lóiste sealgaireachta a athar i Versailles, chun na sprice seo. Tosaíodh ar an obair i 1662 agus an t-ailtire [[Louis La Vau]] ina bun.
 
==Naisc Sheachtracha==