An difríocht idir athruithe ar: "An Tíogar Ceilteach"

Content deleted Content added
Rang +IV +Nasc +Íomhá
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:CelticTigerEconomist.PNG|thumb|232px|Clúdaigh ón ''Economist''. Ar chlé ón bhliainmbliain 1988: "''the poorest of the rich''". Ar dheis ón bhliainmbliain 1997: "''Celtic Tiger - Europe's shining light''".]]
Is é '''Tíogar Ceilteach''' ná an t-ainm a bhaist na hiriseoirí [[eacnamaíocht]]a ar [[Poblacht na hÉireann|Éirinn]], nuair a thosaigh geilleagar na tíre ag fás go sciobtha sna [[1990idí|nóchaidí]]. Mhaolaigh beagáinín ar an bhfás sin sa bhliain 2001, ach bhisigh na cúrsaí arís sa bhliain 2003, cé gur féidir maolú áirithe a aithint arís ón mbliain 2007 i leith. Sna blianta seo, tháinig athrú cuma ar an tír go hiomlán ó thaobh na heacnamaíochta de. I ndeireadh na [[1980idí|n-ochtóidí]], bhí Éire ar ceann de na tíortha ba bhoichte in Iarthar na hEorpa - "an ceann is boichte de na tíortha saibhre" mar a chuir clúdach na hirise ''[[The Economist]]'' i bhfoclaibh é sa bhliain 1988 (''the poorest of the rich''). Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí sí ar ceann de na tíortha ba saibhre.