An difríocht idir athruithe ar: "Judit Polgar"

Content deleted Content added
m robot Adding: hr:Judit Polgar
Anois (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 8:
Is Giúdach í Judit Polgar, ó [[Búdaipeist]]. Maraíodh gaolta léi san [[Uileloscadh]].
 
Bhí Judit agus a beirt deirfiúracha níos sine ([[Zsuzsa]] agus [[Sofia]]) páirteach i dturgnamh oideachais dirithe ag a n-athair, [[László Polgar]], a bhí ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil páistí ábalta sár-éachtaí a bhaint amach má mhúintear iad in ábhar éigin ó bhíonn siad an-óg. Mhúin László agus a bhean Klara an tríur deirfiúr sa bhaile agus rinne siad saincheird den fhicheall. Bronnadh stádas ArdMháistir Fichille ar Judit agus Zsuzsa i 1991. Bronnadh stádas Máistir Idirnáisiúnta Fichille ar [[Sofia]].
 
Cé go bhfuil a tuismitheoirí agus a deirfiúracha tar éis dul ar imirce, tá Judit fós ina cónaí san Ungáir. Tá sí pósta le treidlia darbh ainm [[Guzstav Fonts]] agus tá beirt clainne acu.
 
==Ficheall==
Líne 20:
I mí na Samhna 1995, bhain sí áit amach ar liosta grádaithe [[FIDE]] de na 10 bhficheallaí is airde ar domhain. Is í an t-aon bhean riamh chun bheith i measc an deichniúr ficheallaí is airde.
 
I Mean Fómhair 2005 i [[San Luis]], [[An Airgintín]] ba í an chéad bhean riamh a bhí páirteach i gcomórtas chun an curadh domhanda fichille a roghnú, ach níor éirigh go maith léi. Chríochnaigh sí san áit deireanach (8ú).
 
I Deireadh Fomhair 2006 roinn sí an chéad áit i gcomórtas láidir in [[Essent]], san [[An Ísiltír|Ísiltír]]. Bhí dhá bhua aici ar Topalov (bhí an grádú FIDE is airde ag Topalov ag an am sin).
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1976|Polgar, Judit]]