An difríocht idir athruithe ar: "Ianasóir"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Tá an focal úd '''ianasóir''' bunaithe ar ''yeniçeri'' na Tuircise. Is éard is brí leis an téarma sin ná "saighdiúirí nua". Bhunaigh an Sabhdán Murad I na trúpaí seo timpeall na bliana 1365, agus b'é an Sabhdán Mahmud II a chuir deireadh leis na hianasóirí mar thrúpaí. San am sin, bhí meath tagtha ar na hianasóirí go hiomlán, nó ní raibh siad ag tabhairt aire ar orduithe an tsabhdáin a thuilleadh.
 
Inniu, coinnítear cuimhne ar leith ar cheol máirseála na n-ianasóirí, nó bhain siad úsáid ar leith as na drumaí, rud a chuaigh go mór i gcion ar na ceolchumadóirí Iartharacha san ochtú haois déag.