An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Vítneam agus na Síne"

Content deleted Content added
Cúpla cheannlíne
Tagairtí
Líne 6:
I ndiaidh an bhua a fuair fórsaí [[Ho Chi Minh]] ar rialtas Vítneam Theas agus a d'athaontaigh Vítneam, tháinig an tsíocháin go Vítneam, ach san am céanna, chuir [[Pol Pot]] ar bun an [[An Champúis Dhaonlathach|Champúis Dhaonlathach]] sa [[An Chambóid|Chambóid]] le cuidiú ón tSín, an deachtóireacht a rinne ollmharú uafásach ar a muintir féin, go háirithe ar na mionlaigh náisiúnta - mionlach Vítneamach san áireamh. Tír bheag is ea í an Chambóid a bhfuil teorainn ag Vítneam léi san iardheisceart. Ní hamháin gur maraíodh a lán Vítneamaigh eitneacha sa Champúis Dhaonlathach, ach bhí na Campúsaigh ag maíomh gur leo féin cuid den talamh trasna na teorainne i Vítneam, rud a chuir na Vítneamaigh ar a bhfaichille, ní nárbh ionadh. Fuair Pol Pot tacaíocht ón tSín, agus spreag na Sínigh é chun ionsaí a dhéanamh ar Vítneam sa bhliain [[1978]]. Dá thoradh sin, d'ionsaigh Vítneam an Champúis Dhaonlathach, bhris Arm Vítneam an cath ar na Campúsaigh agus baineadh an chumhacht de Pol Pot. Gabhadh [[Phnom Penh]], príomhchathair na Cambóide, i Mí Eanáir [[1979]], tháinig deireadh le ré na Campúise Daonlathaí, agus chuir na Vítneamaigh rialtas nua ag stiúradh na Cambóide. Bhí na Sínigh an-mhíshásta leis seo, agus d'fhógair siad go raibh siad le hionradh a dhéanamh ar Vítneam. Bhí na Stáit Aontaithe ag tacú leis an tSín.
 
Ar an 17 Feabhra 1979, rinne 90,000 saighdiúir Síneach le 200 tanc ionsaí ar thuaisceart Vítneam.<ref>http://www.globalsecurity.org/military/world/war/prc-vietnam.htm</ref> Bhí a fhios ag na Sínigh go raibh an chuid ab fhearr de shaighdiúirí Vítneam sa Chambóid ag cur catha ar fhórsaí Pol Pot. Ní raibh ach timpeall 100,000 saighdiúir Vítneamach fágtha i dtuaisceart na tíre. Mar sin, d'éirigh leis na Sínigh dul timpeall daichead míle isteach ar thailte Vítneamacha. Mhaígh na Sínigh go raibh siad ag geataí [[Hanoi]], d'fhógair siad go raibh a misiún comhlíonta acu agus chúlaigh siad ar ais go dtí a dtaobh féin den teorainn. Níl sé soiléir cé acu a bhuaigh an cogadh i ndáiríre, ach má bhí sé i gceist ag na Sínigh na Vítneamaigh a bhrú amach as an gCambóid níor éirigh leo.
 
 
== Torthaí an chogaidh ==
Mar gheall ar an gcogadh seo, d'éirigh stát agus sochaí Vítneam as pabhar naimhdeach i leith an mhionlaigh Shínigh sa tír. Bhí fíor-ghéarchéim ann nuair a theith na mílte Sínigh as Vítneam i mbáid, agus bádh cuid mhór acu amuigh ar an teiscinn mhór. Iad siúd a tháinig slán as an eachtra seo, chuir siad fúthu sna ceantair Shíneacha i gcathracha móra na Stát Aontaithe agus na hAstráile chomh maith le tíortha na hEorpa. Shínigh Vítneam agus an tSín conradh teorainne sa bhliain [[1999]].<ref>http://news.bbc.co.uk/1/hi/world/asia-pacific/1086867.stm</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
Mar gheall ar an gcogadh seo, d'éirigh stát agus sochaí Vítneam as pabhar naimhdeach i leith an mhionlaigh Shínigh sa tír. Bhí fíor-ghéarchéim ann nuair a theith na mílte Sínigh as Vítneam i mbáid, agus bádh cuid mhór acu amuigh ar an teiscinn mhór. Iad siúd a tháinig slán as an eachtra seo, chuir siad fúthu sna ceantair Shíneacha i gcathracha móra na Stát Aontaithe agus na hAstráile chomh maith le tíortha na hEorpa. Shínigh Vítneam agus an tSín conradh teorainne sa bhliain [[1999]].
{{síol}}
 
[[Rang:Cogadh]]
[[Rang:Vítneam]]