An difríocht idir athruithe ar: "Fionnradharc"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Agsmaoineamh (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
{{ie baile infobox|
ainm_an_bhaile = Fionnradharc|
íomhá_an_chírín = |
ainm_an_chontae = Contae Bhaile Átha Cliath|
cóor_thuaidh = 53.365|
cóor_thiar = 6.23|
ardú = 0.5m |
sfx_cóor = left: 65px; top: 77px |
eangach = O236396 |
daonra = |
daonáireamh = 2006|
}}
Is bruachbhaile i dtuaisceart [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] é '''Fionnradharc''', idir [[Baile Bocht]] agus [[Cluain Tarbh]]. Tá sé teorainn ar theorainn le [[Marino]], [[An Trá Thuiaidh]] agus [[Baile Bocht]] freisin. Tá an bóthar iarainn ar an dteorainn theas thoir den cheantar agus [[An Tulcha|Abhainn na Tulchann]] ar an dteorainn theas thiar.
Tá an ceantar faoi dhlínse Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Téann an phríomhbhóthar ó lár na cathrach go dtí oirthuaisceart na cathrach tríd an ceantar. Tá páirc mór, Páirc Fhionnradharc, ann agus tá linn snámha 50 méadar san ''Westwoood Club''. Tá stáisiún [[DART]] ar Bhóthar Chluain Tarbh, gar d'Fhionnradharc. Téann [[Tollán Calafoirt Bhaile Átha Cliath]] faoi Fhionnradharc. Tá cuid mhaith d'Fhionnradharc ar thalamh a gabhadh ón bhfarraige.
Tá Scoil Íosaif (meánscoil agus bunscoil) lonnaithe i bhFionnradharc. D'fhreastal an t-iarthaoiseach [[Cathal Ó hEochaidh]] ar an scoil. Tá bunscoil do chailíní, Scoil Naoimh Mhuire, sa cheantar freisin.
Tá an reilig [[Giúdachas|Giúdach]] is sine i mBaile Átha Cliath sa cheantar freisin. Feictear an dáta 5618 ón bhéilire Giúdach ar bhalla na reilige. Cuireadh an corp deireanach ann sa bhliain [[1958]].
Rugadh an scríbhneoir [[Bram Stoker]], údar an úrscéil [[Dracula]] sa cheantar.
[[Catagóir:Bruachbhailte Bhaile Átha Cliath]]
|