An difríocht idir athruithe ar: "Bulla- agus béarmhargadh"

Content deleted Content added
m Athainmníodh Bulla- agus bhéarmhargadh mar Bulla- agus béarmhargadh: Grammar. No lenition here.
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Bulle und Bär Frankfurt 3.jpg|thumb|240px|Tarbh (bulla-) agus béar (béar-) os comhair an stocmhalartáin i bhFrankfurt - ''Frankfurter Wertpapierbörse'' (FWB)]]
Tugtar '''bullamhargadh''' agus '''béarmhargadh''' ar an dá chineál claontacht ar an stocmhalartán nó ar an margadh.
Claontaí an mhargaidh saothair: '''bulla- agus bhéarmhargadh'''.
 
==Bullamhargadh==
Is é is '''bullamhargadh''' ann ná margadh ina bhfuil na praghsanna ag dul in airde. ''"Bulla"'' a thugtar ar an amhantraí atá ag iarraidh [[airgead]] a shaothrú ar an mbullamhargadh. I n[[Gaeilge]] na Gaeltachta, déarfaí freisin go bhfuil ''"fuadach ar an margadh"''. Níl stádas oifigiúil ag an leagan seo, áfach. Chloisfeá ar aonach an bheostoic é, sna laethanta a bhí.
 
Ar [[an stocmhalartán]], bíonn an bullamhargadh ann nuair a bhíonn na hinfheisteoirí dóchasach as an todhchaí agus iad ag súil le tuilleadh ardú ar na praghsanna. Mar sin, bíonn siad ag iarraidh scaireanna a cheannach le go bhféadfaidís iad a dhíol níos daoire níos déanaí, sin nó airgead a shaothrú ar na díbhinní.
 
==Béarmhargadh==
Is éard is '''béarmhargadh''' ann ná margadh ina bhfuil praghsanna na scaireanna nó na dtráchtearraí ag titim. Tugtar ''"béar"'' ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbéarmhargadh. Téarma [[Béarla]] is ea é an focal sin "béarmhargadh" a haistríodh focal ar fhocal go Gaeilge. ''Aonach briosc'' an téarma dúchasach, ach dealraíonn sé nach bhfuair na téarmadóirí an leagan seo sách soiléir le stádas oifigiúil a bhronnadh air. Téarma traidisiúnta de chuid na n-aontaí beostoic é.
 
Ar an mbéarmhargadh, tá gach infheisteoir ag dul in éadóchas faoin todhchaí, agus é ag iarraidh fáil réitithe dá chuid scaireanna ar phraghas chomh buntáisteach agus is féidir, sula gcaillfidh siad a bhfuil fágtha den luach iontu. Dá thoradh sin, leathfaidh an dearcadh duairc ar fud an mhargaidh, agus sa deireadh, is féidir go n-iompóidh an béarmhargadh ina chliseadh mhór agus na hinfheisteoirí ag iompairc le chéile ag iarraidh na scaireanna a dhíol uathu.