An difríocht idir athruithe ar: "Seán A Mac Coisdealbha"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 38:
 
===Scéim Máthar agus Linbh===
Thug an tAire Sláinte, [[Nollaig de Brún]] (Clann na Poblachta) an Scéim Máthar agus Linbh isteach sa bhliain [[1950]]. Thabharfadh an scéim cúram máithreachais saor in aisce do mháithreacha agus cúram sláinte saor in aisce dá bpaistí go dtí go raibh siad 16 bhliain d'aois. Bhí na dochtúirí agus an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Caitliceach]] go mór in éadan na scéime. Cheap na dochtúirí go n-ísleodh an scéim a dteacht isteach agus bhí eagla ag na heaspaig go bhfágfaí an bealach don fhrithghiniúint agus don ghinmhilleadh. Bhí scoilt sa Chomh-Aireacht maidir leis an scéim. Cheap roinnt Airí nach bhféidir leis an stat costas na scéime a íoc. Chuir Mac Coisdealbha agus Airí eile in iúl do de Brún nach seasfaidís leis. D'éirigh de Brún as mar Aire ar an [[11 Aibreán]] [[1951]] agus cealaíodh an scéim. D'fhoilsigh de Brún a chomhfhreagras le Mac Coisdealbha agus leis na heaspaig.
 
===Éifeacht an Rialtais===
D'éirigh go maith leis an rialtas i slite éagsúla:-
*Tógadh an méid tithe is mó riamh
*Bunaíodh an t[[Údarás Forbartha Tionscail]] agus [[Córas Trachtala]]
*Tháinig ísliú mór ar ionsaitheacht na heitinne de bharr polasaithe an Aire Sláinte
*Ghlac [[Éire]] a ballraíocht san [[Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta]] agus i g[[Comhairle na hEorpa]]. D'fhan an stát taobh amuigh den [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh]] mar gheall ar chríochdheighilt na tíre.
*Luathaíodh an scéim chun leictreachais a sholáthar do ghach áit sa tír, na háiteanna is iargúltaí ina measc
 
{{Taoisigh na hÉireann}}