An difríocht idir athruithe ar: "Seán A Mac Coisdealbha"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 55:
Mhair rialtas Fhianna Fáil ar feadh trí bliana.
 
==Taoiseach 1954 - 1957==
Chaill Fianna Fáil suíocháin in olltoghchán [[1954]] de bharr fadhbanna eacnamaíochta na tíre. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Clann na Talmhan le chéile i gcomhrialtas nua. Athtoghadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach. Níorbh fhéidir leis an rialtas nua mórán a dhéanamh chun geilleagair an stáit a fheabhsú agus ní raibh siad ábalta an dífhostaíocht nó an eisimirce a ísliú. Chuaigh Éire isteach sa [[Náisiúin Aontaithe]] sa bhliain [[1955]].
 
Chuir [[Óglaigh na hÉireann]] feachtas míleata nua ar bun sa bhliain [[1956]]. Sheas an rialtas go láidir in éadan na hÓglaigh.
 
===1957===
Thug [[Seán Mac Giolla Bhríde]] (ceannaire Chlann na Poblachta) rún mímhuiníne isteach ó thaobh lagaithe an gheilleagair. Thug Fianna Fáil rún mímhuiníne isteach freisin. Ghair Mac Coisdealbha olltoghchán mar bhí sé beagnach cinnte go gcaillfeadh an rialtas an vóta. Bhain Fianna Fail móramh iomlán amach san olltoghchán.
 
==Éirí As==
D'fhill Mac Coisealbha ag an dlíodóireacht agus d'éirigh go maith leis arís. D'éirigh Ó Maolchatha as mar cheannaire an pháirtí sa bhliain [[1959]] agus tháinig [[Seámus Maitiú Diolún]] i gcomharbacht air. D'fhill Mac Coisdealbha go dtí na cúlbhinsí ag an am céanna. D'fhan sé mar Theachta Dála go dtí olltoghchán na bliana [[1969]]. Tháinig [[Gearóid MacGearailt]] i gcomharbacht air ina dháilcheantar, [[Baile Átha Cliath]] Thoir Theas.
 
Ba bhall d'[[Acadamh Ríoga na hÉireann]] é ó 1948. Bhronn Baile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Mac Coisdealbha agus ar [[Eamon de Valera|Éamon De Valera]] i mí Márta [[1975]]. Fuair sé dámhachtainí ó roinnt ollscoileanna sna [[Stáit Aontaithe]] freisin.
 
Bhí sé 84 bhliain d'aois nuair a fuair sé bás ar [[5 Eanáir]] [[1976]].
 
{{Taoisigh na hÉireann}}
Line 73 ⟶ 87:
[[Catagóir:Básanna i 1976|Mac Coisdealbha, Seán A.]]
 
{{síol}}
 
[[de:John A. Costello]]